Geineasas
11 Labhair daoine an teanga chéanna agus na focail chéanna ar fud an domhain mhóir. 2 Agus ag teacht anoir dóibh thángadar ar mhachaire i dtír Shionár agus chuireadar fúthu ann. 3 Agus dúradar lena chéile: “Téanam agus déanaimis brící agus tugaimis tine dóibh”—brící a bhíodh acu in áit cloch agus pic in áit moirtéil— 4 “Téanam,” ar siad, “agus tógaimis cathair dúinn féin, agus túr agus a bharr ag baint neimhe amach in airde. Tuillimis clú dúinn féin sula scaipfí ar fud chlár na cruinne go léir sinn.”
5 Ansin tháinig an Tiarna anuas go bhfeicfeadh sé an chathair agus an túr a thóg na daoine daonna. 6 “Féach,” arsa an Tiarna, “aon mhuintir amháin iad le haon teanga amháin acu go léir. Níl sa mhéid seo ach tús na mbeart a dhéanfaidh siad; níl aon ní dá bhfuil acu á bheartú nach bhféadfaidh siad a chur i gcrích. 7 Téanam, téimis síos agus déanaimis cíor thuathail dá dteanga ar an bhfód i dtreo nach dtuigfidis caint a chéile a thuilleadh.” 8 Agus chuir an Tiarna fán orthu ón áit sin ar fud chlár na cruinne ar fad, agus scoireadar de thógáil na cathrach. 9 Tugadh Báibil uirthi uime sin mar go ndearna an Tiarna cíor thuathail de theangacha an domhain go léir ansiúd; agus chuir an Tiarna fán orthu ón áit sin ar fud chlár na cruinne go léir.
10 Seo iad sliocht Shéam: Nuair a bhí Séam céad bliain d’aois ghin sé Arpaicsead dhá bhliain tar éis na díleann. 11 Mhair Séam cúig chéad bliain tar éis Arpaicsead a shaolú, agus ghin sé mic agus iníonacha. 12 Nuair a bhí Arpaicsead cúig bliana déag ar fhichid ghin sé Seálach. 13 Mhair Arpaicsead trí bliana agus ceithre chéad tar éis Seálach a shaolú agus ghin sé mic agus iníonacha eile. 14 Nuair a bhí Seálach deich mbliana fichead d’aois ghin sé Éibir. 15 Mhair Seálach trí bliana agus ceithre chéad tar éis Éibir a shaolú agus ghin sé mic agus iníonacha. 16 Nuair a bhí Éibir ceithre bliana déag ar fhichid ghin sé Roinnt. 17 Mhair Éibir ceithre chéad agus a tríocha bliain tar éis Roinnt a shaolú agus ghin sé mic agus iníonacha. 18 Nuair a bhí Roinnt deich mbliana fichead d’aois ghin sé Reú. 19 Mhair Roinnt naoi mbliana agus dhá chéad tar éis Reú a shaolú agus ghin sé mic agus iníonacha. 20 Nuair a bhí Reú dhá bhliain déag ar fhichid ghin sé Sarúg. 21 Mhair Reú seacht mbliana agus dhá chéad tar éis Sarúg a shaolú agus ghin sé mic agus iníonacha. 22 Nuair a bhí Sarúg deich mbliana fichead d’aois ghin sé Náchór. 23 Mhair Sarúg dhá chéad bliain tar éis Náchór a shaolú agus ghin sé mic agus iníonacha. 24 Nuair a bhí Náchór naoi mbliana fichead d’aois ghin sé Tearach. 25 Mhair Náchór naoi mbliana déag agus céad tar éis Tearach a shaolú agus ghin sé mic agus iníonacha. 26 Nuair a bhí Tearach deich mbliana agus trí fichid ghin sé Abrám agus Náchór agus Hárán.
27 Seo sliocht Thearach: Ghin Tearach Abrám, Náchór agus Hárán. Ghin Hárán Lót. 28 D’éag Hárán i láthair a athar ina thír dhúchais, Úr na gCaildéach. 29 Phós Abrám agus Náchór. Sáraí a b’ainm do bhean Abrám agus Milceá a b’ainm do bhean Náchór iníon Hárán, athair Milceá agus Isceá. 30 Bhí Sáraí aimrid agus í gan leanbh. 31 Thug Tearach leis Abrám a mhac agus Lót mac Hárán mac a mhic, agus Sáraí bean a mhic, bean Abrám, agus amach leo le chéile ó Úr na gCaildéach ag triall ar thír Chanán. Ach nuair a thángadar go Hárán chuireadar fúthu ann. 32 Bhí cúig bliana agus dhá chéad d’fhad saoil ag Tearach; ansin fuair sé bás i Hárán.