Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Geineasas 23
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
  • 16
  • 17
  • 18
  • 19
  • 20
An Bíobla Naofa
Geineasas 23:1-20

Geineasas

23 Mhair Sárá céad agus a fiche seacht mbliana; ba é sin an líon blianta saoil a fuair Sárá: 2 agus d’éag Sárá i gCiriát Arba, nó Heabrón, i dtír Chanán, agus chuaigh Abrahám isteach ag caí Sárá agus á caoineadh. 3 Ansin d’éirigh Abrahám ó láthair a phúire agus dúirt sé le clann Héat: 4 “Is coimhthíoch agus deoraí mé in bhur measc: tugaigí seilbh dom ar ionad adhlactha in bhur measc, go ndéanfaidh mé mo mharbh a adhlacadh ó amharc mo shúl.” 5 D’fhreagair clann Héat Abrahám: 6 “Éist linn, a thiarna,” ar siad leis. “Is tú taoiseach Dé inár measc. Cuir do mharbh i dtogha ár dtuamaí; ní dhiúltóidh aon duine againn a thuama duit ná ní choiscfidh ort do mharbh a adhlacadh.” 7 D’éirigh Abrahám ina sheasamh ansin agus shléacht sé go talamh do mhuintir na tíre, do chlann Héat, 8 agus labhair sé leo: “Más toil libh,” ar sé leo, “go ndéanfainn mo mharbh a adhlacadh ó amharc mo shúl, éistigí liom agus déanaigí idirghuí ar mo shon le hEafrón mac Zochar, 9 d’fhonn go dtabharfadh sé dom an uaimh atá aige i Macpaelá: tá sé ar imeall a fhearainn. Tugadh sé dom í in bhur bhfianaise ar an iomlán is fiú í, chun í a bheith agam mar ionad adhlactha.” 10 Tharla Eafrón a bheith ina shuí i measc chlann Héat agus thug Eafrón an Hiteach freagra ar Abrahám i gcomhchlos chlann Héat agus na ndaoine go léir a ghabh geata a chathrach isteach. 11 “Cuir uait, a thiarna,” ar sé, “agus éist liom. Bronnaim an fearann ort agus an uaimh atá ann; tugaim in aisce duit é i bhfianaise chlann mo mhuintire. Déan do mharbh a adhlacadh.” 12 Ansin shléacht Abrahám i láthair mhuintir na tíre. 13 Dúirt sé le hEafrón i gcomhchlos mhuintir na tíre: “Más mar sin [is mian leat]. Ach éist liom. Tabharfaidh mé a luach duit ar an bhfearann seo; tóg uaim é agus cuirfidh mé mo mharbh ann.” 14 Thug Eafrón freagra ar Abrahám: 15 “A thiarna,” ar sé, “éist liom. Paiste talún is fiú ceithre chéad seicil airgid, cad é sin idir mise agus tusa? Déan do mharbh a adhlacadh.” 16 Rinne Abrahám an margadh ar bhreith béil Eafrón, agus thomhais Abrahám d’Eafrón an tsuim airgid a luaigh sé i gcomhchlos chlann Héat, ceithre chéad seicil airgid is é sin, de réir an tomhais a chleacht na ceannaithe. 17 An fearann úd Eafrón i Macpaelá, lastoir de Mhamrae, an fearann agus an uaimh ann, agus na crainn go léir san fhearann, an dúiche go léir ó cheann ceann, cuireadh i seilbh dhílis 18 Abrahám é, i bhfianaise chlann Héat agus os comhair na ndaoine go léir a ghabh trí gheata a chathrach isteach. 19 Ansin rinne Abrahám Sárá, a bhean, a adhlacadh san uaimh i bhfearann Macpaelá lastoir de Mhamrae (Heabrón is é sin) i dtír Chanán. 20 Chuir clann Héat an fearann agus an uaimh a bhí ann i seilbh dhílis Abrahám le bheith aige mar ionad adhlactha.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn