Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Geineasas 40
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
  • 16
  • 17
  • 18
  • 19
  • 20
  • 21
  • 22
  • 23
An Bíobla Naofa
Geineasas 40:1-23

Geineasas

40 Tamall ina dhiaidh seo chiontaigh cornaire rí na hÉigipte agus a bháicéir in aghaidh a máistir, rí na hÉigipte. 2 Bhí fearg ar Fhorann lena bheirt oifigeach, an príomhchornaire agus an príomhbháicéir. 3 Chuir sé iad ar láimh i dteach chaptaen an gharda mar a raibh Iósaef faoi ghlas. 4 Chuir captaen an gharda Iósaef ina bhfeighil ag fónamh dóibh, agus chaitheadar tamall i ngéibheann. 5 Rinneadh taibhreamh dóibh araon san aon oíche amháin—a thaibhreamh féin lena chiall féin do chornaire agus do bháicéir rí na hÉigipte a bhí faoi ghlas i gcarcair. 6 Nuair a tháinig Iósaef chucu ar maidin chonaic sé go rabhadar gruama, 7 agus chuir sé ceist ar an dá oifigeach a bhí fairis i ngéibheann i dteach a mháistir: “Cén fáth an ghruaim seo oraibh inniu?” 8 “Rinneadh taibhrimh dúinn,” ar siad, “agus níl fear a mínithe againn.” Agus dúirt Iósaef leo: “Nach le Dia a bhaineann sé taibhrimh a mhíniú? Insígí dom iad, le bhur dtoil.”

9 D’inis an príomhchornaire a thaibhreamh do Iósaef: “Ag taibhreamh dom,” ar sé, “chonaic mé fíniúin os mo chomhair. 10 Bhí trí géaga ar an bhfíniúin; a luaithe a sceith sí bhí sí faoi bhláth agus rinne caora aibí dá crobhaingí. 11 Bhí corn Fhorainn i mo láimh. Stoith mé na fíniúna agus d’fháisc mé an súlach astu isteach i gcorn Fhorainn.” 12 Ansin dúirt Iósaef leis: “Seo an chiall atá leis: Trí lá na trí géaga. 13 Faoi chionn trí lá, scaoilfidh Forann saor thú agus cuirfidh sé ar ais i do phost thú; agus sínfidh tú a chorn chun Fhorainn mar a dhéantá cheana agus tú i do chornaire aige. 14 Ach cuimhnigh ormsa nuair a bheidh an scéal go maith agat agus cuir de chomaoin orm le do thoil, mé a lua le Forann d’fhonn mé a scaoileadh amach as an teach seo. 15 Óir fuadaíodh mé an chéad lá ó thír na nEabhrach, agus ní dhearna mé aon ní as an tslí anseo ach chomh beag a thuillfeadh carcair dom.” 16 Nuair a chonaic an príomhbháicéir a fhabhraí a bhí an chiall úd, dúirt sé le Iósaef: “Bhí taibhreamh agamsa mar an gceanna: bhí trí ciseáin aráin ar mo cheann; 17 sa chiseán uachtair bhí gach sórt sólaist bruite a thaitin le Forann, ach bhí éanlaith an aeir á n-alpadh as an gciseán a bhí ar mo cheann.” 18 D’fhreagair Iósaef: “Is é seo an chiall atá leis: Trí lá na trí ciseáin. 19 Faoi chionn trí lá tabharfaidh Forann cead do chinn gan cheann duit, agus crochfaidh sé ar chrann thú agus íosfaidh an éanlaith do chuid feola de do chnámha.” 20 Ar an tríú lá, ar a lá breithe, rinne Forann féasta dá shearbhóntaí go léir, agus thug sé cead a gcinn don phríomhchornaire agus don phríomhbháicéir i láthair na bhfeidhmeannach. 21 Chuir sé an cornaire ar ais ina phost mar chornaire, chun a chorn a shíneadh chun Fhorainn; 22 chroch sé an príomhbháicéir. Sin mar a bhí mínithe ag Iósaef dóibh. 23 Ach an príomhchornaire, níor chuimhnigh sé ar Iósaef, ach rinne dearmad air.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn