Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Geineasas 49
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
  • 16
  • 17
  • 18
  • 19
  • 20
  • 21
  • 22
  • 23
  • 24
  • 25
  • 26
  • 27
  • 28
  • 29
  • 30
  • 31
  • 32
  • 33
An Bíobla Naofa
Geineasas 49:1-33

Geineasas

49 Ansin ghlaoigh Iacób ar a chlann mhac agus dúirt: “Cruinnigí le chéile go n-inseoidh mé daoibh cad tá i ndán daoibh sna laethanta atá romhaibh.

2 Tagaigí le chéile, a mhaca Iacóib, agus éistigí;

éistigí le hIosrael bhur n-athair.

3 A Reúbaen, is tú mo chéadghin

mo neart, céadtoradh m’fhearúlachta.

Rug tú barr leat in uabhar agus barr i gcumhacht,

4 gan smacht mar an tuile; ach ní tú a bheidh ar tosach,

mar gur ghabh tú suas chun leaba d’athar,

agus gur thruailligh tú mo thocht, mo bhrón!

5 Deartháireacha Simeon agus Léiví,

agus chuireadar a ndobhearta i gcrích.

6 Ná bíodh m’anam páirteach ina gcomhairlí;

nár aontaí mo chroí lena gcomhluadar,

óir mharaíodar daoine le teann feirge

agus speireadar daimh le barr buile.

7 Mallacht ar a bhfearg de bharr a fíochmhaire

agus ar a bhfraoch de bharr a dhanarthachta.

Cuirfidh mé scaipeadh orthu in Iacób

agus scaoileadh orthu in Iosrael.

8 A Iúdá, molfaidh do dheartháireacha thú;

beidh do lámh ar bhráid do naimhde

agus sléachtfaidh clann mhac d’athar duit.

9 Coileán leoin é Iúdá!

Filleann tú anois, a mhic, ón gcreach;

agus cromann sé agus luíonn mar leon

nó mar bhanleon, cé leomhann é a mhuscailt?

10 Ní scarfaidh an ríshlat ó Iúdá

ná más an cheannais ó idir a chosa,

go dtaga an té ar leis é,

dá dtabharfaidh na ciníocha géillsine.

11 Ceanglaíonn sé a asal den fhíniúin

agus searrach a lárach dá stoc.

Níonn sé a éide i bhfíon

agus a chulaith i bhfuil na gcaor;

12 beidh a shúile dearg le fíon

agus a dhéada bán le bainne.

13 Beidh cónaí ar Zabúlun cois na farraige;

beidh sé ina fhoscadh ag loingeas

agus beidh imeall a chríoch i gcóngar Shíodón.

14 Asal tréan é Íosácár

ina luí i measc cróite caorach;

15 tuigeadh dó gur mhaith é áit lonnaithe,

agus gur thaitneamhach é an dúiche;

chrom sé a ghualainn don ualach,

agus rinneadh daor de faoi sclábhaíocht éigin.

16 Beidh Dán ina bhreitheamh ar a phobal,

mar cheann de threibheanna Iosrael.

17 Beidh Dán ina nathair nimhe ar an mbóthar

agus ar an gcosán ina nathair adharcach,

a bheireann greim ar speir an chapaill

agus go dtiteann a mharcach i ndiaidh a chúil.

18 Táim ag súil le do shlánú, a Thiarna Dia.

19 Déanfaidh foghlaithe foghail ar Ghád,

ach déanfaidh seisean foghail agus tóir orthu.

20 Is saibhir é arán Áiséar

agus déanfaidh sé soláis a sholáthar do bhord an rí.

21 Is eilit ar scaoileadh léi Naftáilí

agus oisíní gleoite á mbreith aici.

22 Craobh thorthúil é Iósaef,

craobh thorthúil le hais an tobair,

agus a géascaí ag síneadh thar an mballa.

23 Thug na saighdeoirí faoi le fíoch,

scaoileadar faoi le binib, agus luíodar go dian air,

24 ach bhris neach tréan a mbogha

agus scaradh cuislí a lámh ona chéile

ag láimh Neach Tréan Iacóib,

ag ainm Charraig Iosrael,

25 ag Dia d’athar a chabhraíonn leat,

ag Dia Uilechumhachtach a bheannaíonn thú,

le beannachtaí an duibheagáin a luíonn thíos,

le beannachtaí cíoch agus broinne,

26 le beannachtaí arbhair agus bláthanna,

le beannachtaí na gcnoc cianaosta,

le beannachtaí na sléibhte síoraí;

go dtaga siad anuas ar cheann Iósaef,

agus ar bhaithis an té sin a coisreacadh i measc a dheartháireacha.

27 Faolchú craosach é Biniáimin;

alpann sé a chreach ar maidin,

agus roinneann sé a sheilg tráthnóna.”

28 Sin iad go léir dhá threibh déag Iosrael; agus sin é a dúirt a n-athair leo agus é á mbeannú. Bheannaigh sé iad agus chuir beannacht chuí ar gach ceann díobh faoi leith.

29 Ansin thug sé treoracha dóibh. “Is mithid mé a chruinniú chun mo mhuintire,” ar sé. “Déantar mé a adhlacadh i bhfochair m’aithreacha san uaimh i bhfearann Eafrón an Hiteach, 30 san uaimh i bhfearann Mhacpaelá lastoir de Mhamrae i dtír Chanán, a cheannaigh Abrahám leis an bhfearann ó Eafrón an Hiteach le bheith aige mar ionad adhlactha. 31 Ansiúd a adhlacadh Abrahám agus Sárá a bhean; ansiúd a adhlacadh Íosác agus a bhean Ribeacá; ansiúd a rinne mé Léá a adhlacadh— 32 san fhearann agus san uaimh ann, is é sin, a ceannaíodh ó na Hitigh.” 33 Nuair a bhí deireadh a threoracha tugtha ag Iacób dá chlann mhac, tharraing sé a chosa chuige suas sa leaba, d’imigh an dé deiridh as agus cruinníodh mar sin chun a mhuintire féin é.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn