Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Geineasas 5
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
  • 16
  • 17
  • 18
  • 19
  • 20
  • 21
  • 22
  • 23
  • 24
  • 25
  • 26
  • 27
  • 28
  • 29
  • 30
  • 31
  • 32
An Bíobla Naofa
Geineasas 5:1-32

Geineasas

5 Leabhar na nginealach ó Ádhamh anseo: An lá a chruthaigh Dia Ádhamh, rinne sé é ar chosúlacht Dé. 2 Fireann agus baineann a chruthaigh sé iad. Bheannaigh sé iad agus thug an t-ainm An Duine orthu an lá a cruthaíodh iad. 3 Nuair a bhí Ádhamh céad agus a tríocha bliain d’aois rugadh mac dó ar a dheilbh agus ar a chosúlacht féin, agus thug sé Séat air. 4 Mhair Ádhamh ocht gcéad bliain tar éis Séat a shaolú, agus ghin sé mic agus iníonacha. 5 Mhair Ádhamh naoi gcéad agus a tríocha bliain ar fad; ansin fuair sé bas.

6 Nuair a bhí Séat céad agus a cúig bliana d’aois ghin sé Eanóis, 7 agus mhair sé ocht gcéad agus a seacht mbliana tar éis Eanóis a shaolú agus ghin sé mic agus iníonacha. 8 Mhair Séat naoi gcéad agus dosaen bliain ar fad; ansin fuair sé bás.

9 Nuair a bhí Eanóis nócha bliain d’aois, ghin sé Céanán, 10 agus mhair sé ocht gcéad agus cúig bliana déag tar éis Céanán a shaolú agus ghin sé mic agus iníonacha. 11 Mhair Eanóis naoi gcéad agus a cúig bliana ar fad; ansin fuair sé bás.

12 Nuair a bhí Céanán deich mbliana agus trí fichid, ghin sé Mahalalael. 13 Mhair Céanán ocht gcéad agus a daichead bliain tar éis Mahalalael a shaolú agus ghin sé mic agus iníonacha. 14 Mhair Céanán naoi gcéad agus a deich mbliana ar fad; ansin fuair sé bás.

15 Nuair a bhí Mahalalael cúig bliana agus trí fichid ghin sé Iárad. 16 Mhair Mahalalael ocht gcéad agus a tríocha bliain tar éis Iárad a shaolú agus ghin sé mic agus iníonacha. 17 Mhair Mahalalael ocht gcéad agus a nócha cúig bliana ar fad; ansin fuair sé bás.

18 Nuair a bhí Iárad céad agus a seasca dó bliain d’aois, ghin sé Eineoc 19 agus mhair sé ocht gcéad bliain tar éis Eineoc a ghiniúint, agus ghin sé mic agus iníonacha. 20 Mhair Iárad naoi gcéad agus seasca dó bliain ar fad; ansin fuair sé bás.

21 Nuair a bhí Eineoc cúig bliana agus trí fichid ghin sé Matúsalach. 22 Bhí Eineoc ag siúl fara Dia. Mhair sé trí chéad bliain tar éis Matúsalach a shaolú agus ghin sé mic agus iníonacha. 23 Mhair Eineoc trí chéad agus a seasca cúig bliana ar fad. 24 Bhí Eineoc ag siúl fara Dia. Ansin d’imigh sé as radharc daoine, óir rug Dia leis é.

25 Nuair a bhí Matúsalach céad agus a hochtó seacht bliain d’aois ghin sé Láimic. 26 Mhair Matúsalach seacht gcéad agus a hochtó dó bliain tar éis Láimic a shaolú, agus ghin sé mic agus iníonacha. 27 Mhair Matúsalach naoi gcéad agus a seasca naoi mbliana ar fad; ansin d’éag sé.

28 Nuair a bhí Láimic dhá bhliain agus ceithre fichid, ghin sé mac 29 agus thug sé Naoi air, mar a dúirt sé: “Seo duine a thabharfaidh sólás dúinn ón talamh, ar ar chuir an Tiarna a mhallacht, agus sinn i mbun ár saothair agus ár n-oibre.” 30 Mhair Láimic cúig céad agus a nócha cúig bliain tar éis Naoi a shaolú agus ghin sé mic agus iníonacha. 31 Mhair Láimic seacht gcéad agus seachtó seacht bliain ar fad; ansin fuair sé bás.

32 Nuair a bhí Naoi cúig chéad bliain d’aois ghin sé Séam, Hám agus Iáfat.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn