Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • 2 Samúéil 21
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
  • 16
  • 17
  • 18
  • 19
  • 20
  • 21
  • 22
An Bíobla Naofa
2 Samúéil 21:1-22

2 Samúéil

21 Bhí gorta ar feadh trí bliana i ndiaidh a chéile le linn Dháiví. Chuaigh Dáiví a lorg comhairle ar an Tiarna agus dúirt an Tiarna: “Tá ciontacht fola ar Shól agus ar a theaghlach mar gur mharaigh sé na Gibeónaigh.” 2 Ghlaoigh an rí dá bhrí sin ar na Gibeónaigh. Níorbh de chlann Iosrael iad na Gibeonaigh ach iarmhar de na hAmóraigh; mhionnaigh clann Iosrael go ndéanfaidís anacal orthu, ach le barr díograise ar son chlann Iosrael agus Iúdá rinne Sól iarracht ar iad a scrios. 3 “Céard a dhéanfaidh mé daoibh?” arsa Dáiví leis na Gibeónaigh, “agus conas a dhéanfaidh mé cúiteamh, d’fhonn go gcuirfeadh sibh beannacht ar oidhreacht an Tiarna?” 4 D’fhreagair na Gibeónaigh: “Ní cúrsaí airgid ná óir atá i gceist idir sinne agus Sól agus a theaghlach; ná ní hé ár ngnóna aon duine in Iosrael a chur chun báis.” “Abraigí céard atá uaibh,” ar sé, “a dhéanfainn daoibh.” 5 Dúirt siad leis an rí: “An té a rinne sinn a scrios agus a bheartaigh sinn a dhíothú i dtreo nach bhfágfaí duine dínn beo in aon bhall i gcríocha Iosrael, 6 déantar seachtar mac leis a thabhairt ar láimh dúinn, i dtreo go ndéanfaimis iad a chrochadh os comhair an Tiarna i nGibeón ar shliabh an Tiarna.” “Tabharfaidh mé ar láimh iad,” arsan rí. 7 Rinne an rí anacal ar Mheirí Bál mac Iónátán mhic Shóil de bharr an mhionna dar an Tiarna a bhí eatarthu, Dáiví is é sin agus Iónátán mac Shóil. 8 Ach thóg an rí beirt mhac Rizpeá iníon Aiá, an bheirt a rug sí do Shól, Armonaí agus Meirí Bál; agus cúigear mac Mhéarab iníon Shóil, an cúigear a rug sí do Aidríéil mac Bhairzilí an Macholach. 9 Thug sé iad i lámha na nGibeónach agus chroch siadsan iad ar an sliabh os comhair an Tiarna. Ídíodh an seachtar acu le chéile. Cuireadh chun báis iad i gcéad laethanta an fhómhair, i dtus fhómhar na heorna.

10 Fuair Rizpeá iníon Aiá éadach róin agus leath ar an gcarraig di féin é ó thús fhómhar na heorna nó gur thit an fhearthainn ón spéir air; níor lig sí d’éanlaith an aeir luí air sa lá, ná d’ainmhithe an mhachaire san oíche. 11 Insíodh do Dháiví cad a rinne Rizpeá iníon Aiá, leannán Shóil. 12 D’imigh Dáiví agus thóg sé cnámha Shóil agus a mhic Iónátán ó thaoisigh Iáibéis Gileád a ghoid iad ón gcearnóg i mBéit Seán mar ar chroch na Filistínigh iad an lá a bhris na Filistínigh ar Shól i nGiolboa. 13 Thug Dáiví cnámha Shóil agus cnámha a mhic Iónátán ón áit sin agus chruinnigh le chéile cnámha na muintire a crochadh. 14 Agus rinne siad cnámha Shóil, agus cnámha a mhic Iónátán [agus cnámha na muintire a crochadh], a chur i gcríocha Bhiniáimin i Zéalá, i dtuama a athar, Cís. Rinne siad gach ar ordaigh an rí, agus ansin thug Dia cluas dá n-achainíocha ar son na tíre.

15 Rinne na Filistínigh cogadh arís eile in aghaidh Iosrael. Ghabh Dáiví agus a bhuíon síos agus [shuigh siad a longfort ag Gob] agus chuir cath ar na Filistínigh. [Ansin d’éirigh Dodó 16 mac Ióais], de shliocht Ráfá, agus sleá trí chéad seicil chré-umha aige, agus claíomh nua ar iompar aige agus é lán de mhuinín go maródh sé Dáiví. 17 Ach tháinig Aibísí mac Zarúá i gcabhair air, threascair an Filistíneach agus mharaigh. Ansin d’áitigh lucht leanúna Dháiví air á rá: “Ná téigh chun catha riamh arís linn,” ar siad, “d’fhonn nach múchfá lóchrann Iosrael.”

18 Ina dhiaidh sin bhris cogaíocht amach arís leis na Filistínigh ag Gob. Sé sin an uair a mharaigh Sibeacaí an Huiseátach Saf, de shliocht Ráfá. 19 Bhris cogaíocht amach arís leis na Filistínigh ag Gob. Agus mharaigh Ealchánán mac Iáír, ó Bheithil, Góla an Giteach ar chosúil le bíoma fíodóra crann a shleá. 20 Agus bhí cath eile ag Gat mar a raibh fear mór groí a raibh sé mhéar ar gach láimh leis agus sé mhear ar gach cois, ceithre mhéar fichead ar fad. Ba de shliocht Ráfá eisean chomh maith. 21 Nuair a thug sé dúshlán Iosrael, mharaigh Iónátán mac Shimeí, deartháir Dháiví, é. 22 Ba de shliocht Ráfá ó Ghat an ceathrar seo agus thiteadar le Dáiví agus lena bhuíon.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn