Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • 2 Samúéil 4
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
An Bíobla Naofa
2 Samúéil 4:1-12

2 Samúéil

4 Nuair a chuala Ís Bál, mac Shóil, gur maraíodh Aibnéar i Heabrón, thit an lug ar an lag aige, agus tháinig scéin ar Iosrael go léir. 2 Bhí beirt fhear ag mac Shóil a bhí i gceannas ar bhuíonta foghla; Báná a ba ainm do dhuine acu, agus Raecáb a ba ainm don duine eile; ba chlann iadsan do Rimeon ó Bhaerót an Biniáimineach (mar áirítear Baerót le Biniáimin; 3 theith muintir Bhaerót go Giotáím agus maireann siad ann ó shin mar áitritheoirí deoranta).

4 Bhí mac ag Iónátán mac Shóil a raibh cosa bacacha faoi. Bhí sé cúig bliana d’aois nuair a tháinig an scéala faoi Shól agus Iónátán ó Izréil. D’ardaigh a mhuime léi é, ach ag teitheadh di faoi dheifir, thit sé agus d’fhág sin bacach é; Meirí Bál a ba ainm dó.

5 Chuir Raecáb agus Báná, clann Rimeon ó Bhaerót, chun bealaigh. Shroicheadar teach Ís Bál i mbrothall an lae nuair a bhí a chnámha á síneadh aige um mheán lae. 6 Bhí bean an dorais ag cáthadh cruithneachta ach tháinig múisiam codlata uirthi. Shleamhnaigh Raecáb agus Báná a dheartháir thairsti isteach. 7 Isteach leo mar a raibh [Ís Bál] ina luí ar a leaba ina sheomra codlata. Bhuail siad é, agus mharaigh, agus bhain an ceann de. Thugadar leo an ceann agus thaistil siad bealach an Arabá ar feadh na hoíche, 8 agus thugadar ceann Ís Bál go Dáiví i Heabrón. “Seo duit,” ar siad leis an rí, “ceann Ís Bál, mac Shóil, do namhaid, an té a bhí ar thóir d’anama. Rinne an Tiarna mo thiarna, an rí, a agairt ar Shól agus ar a shliocht inniu.”

9 Ach d’fhreagair Dáiví Reacáb agus Báná a dheartháir á rá: “Dar an Tiarna beo, a d’fhuascail mé ó gach gábh, 10 an fear a mheas go raibh scéala maith á thabhairt aige chugam, nuair a d’inis sé dom go raibh Sól marbh, rug mé greim air agus mharaigh mé é i Zicleag; sin é an luach saothair a fuair sé ar son a dhea-scéil. 11 Nuair is ropairí a mharaigh fear ionraic ina theach féin, agus é sínte ar a leaba, nach mó go mór atá sé de dhualgas orm éiric a chuid fola a éileamh uaibhse, agus sibh a scrios de chlár na cruinne?” 12 Ansin thug Dáiví ordú dá shaighdiúirí agus chuireadar chun báis iad; ghearradar a lámha agus a gcosa díobh agus chrochadar iad láimh le Linn Heabrón. Thógadar ceann Ís Bál agus rinneadar é a adhlacadh in uaigh Aibnéar i Heabrón.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn