Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • 2 Samúéil 8
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
  • 16
  • 17
  • 18
An Bíobla Naofa
2 Samúéil 8:1-18

2 Samúéil

8 Ina dhiaidh sin bhris Dáiví ar na Filistínigh agus chloígh iad, agus bhain sé [smacht ar an bpríomhchathair] de na Filistínigh. 2 Bhris sé freisin ar na Móábaigh agus chuir d’iallach orthu luí ar an talamh agus thomhais sé iad le téad; thomhais sé fad dhá théad le cur chun báis, agus téad iomlán eile le hanacal. Thug na Móábaigh géillsine do Dháiví agus d’íoc cáin leis. 3 Chloígh Dáiví Hadad Eizir mac Rachob rí Zóbá agus é ar an mbealach ag iarraidh a chumhacht a leathnú thar an Abhainn. 4 Ghabh Dáiví míle seacht gcéad carbadóir agus fiche míle troitheach; ghearr Dáiví speireacha seisreacha na gcarbad, ach céad díobh. 5 Tháinig Aramaeigh ón Damaisc i gcabhair ar Hadad Eizir rí Zóbá, ach mharaigh Dáiví dhá mhíle agus fiche de na hAramaeigh. 6 Chuir Dáiví lucht ceannais i bhfeighil Aram na Damaisce agus ghéill na hAramaeigh go léir do Dháiví agus d’íocadar cáin le Dáiví. Thug an Tiarna an bua do Dháiví cibé áit a dtéadh sé. 7 Thóg Dáiví na sciatha óir a bhíodh á n-iompar ag cosantóirí Hadad Eizir agus thug leis iad go Iarúsailéim. 8 Thug Dáiví rí dlús mór cré-umha ó Bheatach agus Baerotaí, bailte le Hadad Eizir.

9 Nuair a chuala Toí rí Hamát gur bhris Dáiví ar arm Hadad Eizir go léir, 10 chuir sé a mhac Iórám go dtí Dáiví rí chun beannú dó agus comhghairdeas a dhéanamh leis mar gur throid sé le Hadad Eizir agus gur bhuaigh sé air; ba namhaid é Hadad Eizir do Thoí. Thug Iórám leis gréithe óir agus airgid agus cré-umha. 11 Rinne Dáiví rí iad seo go léir a choisreacan don Tiarna mar a bhí déanta aige leis an airgead agus leis an ór a bhí faighte aige ó na náisiúin go léir a bhí curtha faoi chois aige – 12 Eadóm, Móáb, na hAmónaigh, na Filistínigh, Amáiléic – agus ó Hadad Eizir mac Rachob, rí Zóbá.

13 Bhain Dáiví cáil amach dó féin ar an gcuma sin. Ar fhilleadh dó, chloígh sé na hEadómaigh, ocht míle déag díobh, i nGleann an tSalainn. 14 Chuir sé lucht ceannais i bhfeighil Eadóm (chuir sé lucht ceannais i bhfeighil Eadóm ar fad). Tháinig na hEadómaigh go léir faoi smacht Dháiví. Thug an Tiarna an bua do Dháiví cibé áit a ndeachaigh sé.

15 Bhí Dáiví i réim os cionn Iosrael ar fad. Bhí Dáiví ag riar dlí agus cirt ar a phobal go léir. 16 Bhí Ióáb mac Zarúá i gceannas an airm agus Iahóiseáfát mac Aichíliúd ina sheanchaí. 17 Bhí Zádóc mac Aichítiúb agus Aichímeilic mac Aibíátár ina sagairt; bhí Saráiá ina rúnaí. 18 Bhí Banáiá mac Iahóideá i gceannas na gCeiréiteach agus na bPeiléiteach. Bhí clann mhac Dháiví ina sagairt.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn