1 Croinicí
3 Seo iad clann mhac Dháiví a rugadh dó i Heabrón: an chéadghin Amnon ó Aichíonam as Izréil; an dara mac Dáníéil ó Aibiogáil ó Chairmeil. 2 An tríú mac Aibseálóm mac Mhácá iníon Talmai rí Ghisiúr; an ceathrú mac Adoiníá mac Haigít; 3 an cúigiú mac Safaitiá mac Aibíteál; an séú mac Itreám óna bhean Eaglá. 4 Rugadh seisear dó dá bhrí sin i Heabrón mar a raibh sé i réim seacht mbliana agus sé mhí. Bhí sé tríocha trí bliana i réim in Iarúsailéim.
5 Seo iad na mic a rugadh dó in Iarúsailéim: Simeá, Seobáb, Nátán, Solamh, clann Bhaitseúa iníon Aimíéil an ceathrar sin; 6 Ibcheár, Eiliseámá, Eilífilit, 7 Noga, Neifig, Iáifia, 8 Eilíseámá, Eiliádá, Eilífilit; naonúr. 9 Sin iad clann mhac uile Dháiví, seachas clann mhac na leannán. Deirfiúr dóibh ab ea Támár.
10 Sliocht Sholaimh: Rachabám, Aibíá a mhac, Ásá a mhacsan, Iahóiseáfát a mhacsan, 11 Iórám a mhacsan, Achaizíá a mhacsan, Ióáis a mhacsan, 12 Amaiziá a mhacsan, Azairiá a mhacsan, Iótám a mhacsan, 13 Áchaz a mhacsan, Hiziciá a mhacsan, Manaise a mhacsan, 14 Ámón a mhacsan, Ióisíá a mhacsan. 15 Clann mhac Ióisíá: Ióchánán an chéadghin, Iahóiácaím an dara mac, Zidicíá an tríú mac, Sealúm an ceathrú mac. 16 Clann mhac Iahóiácaím: Iacoiniá a mhac, Zidicíá a mhacsan.
17 Clann Iacoiniá an cime: Seailtíéil a mhac; 18 Mailcíreám, Padáiá, Seanazar, Iacaimiá, Hóiseámá, Nadaibiá. 19 Clann mhac Phadáiá: Zarubáibil, Simeí. Clann mhac Zarubáibil: Misiulám agus Hanainiá; deirfiúr dóibh Sealoimít. 20 [Clann mhac Mhisiulám] Haisiubá, Óihil, Biriciá, Hasaidiá, Iúiseab Heisid; cúigear. 21 Clann mhac Hanainiá; Palaitiá, Íseáia a mhacsan; Rafáiá a mhacsan, Arnán a mhacsan, Obaidiá a mhacsan, Seacainiá a mhacsan. 22 Clann mhac Sheacainiá: Seamaiá. Clann mhac Sheamaiá: Hatúis, Igeal, Báiriá, Nairiá, Seáfát; seisear. 23 Clann mhac Nairiá; Eilióaenai, Hizcía, Aizríocám; triúr. 24 Clann mhac Eilióaenai: Hódaiviá, Eiliáisíb, Paláiá, Acúl, Ióchánán, Daláiá, Anáiní, seachtar.