2 Croinicí
10 Chuaigh Rachabám go Seicim mar go raibh Iosrael go léir imithe go Seicim chun é a fhógairt ina rí. 2 Nuair a chuala Iarobám mac Nabát an scéal—bhí sé san Éigipt mar ar theith sé ó Sholamh rí—d’fhill sé ón Éigipt. 3 Chuir siad fios air agus ghlaoigh siad air agus tháinig sé agus [an comhthionól] go léir in éineacht leis, agus dúirt siad le Rachabám: 4 “Chuir d’athair ualach trom orainn le hiompar; bog daoirse dhian d’athar, agus a chuing atá go trom orainn, agus déanfaimid seirbhís duit.” 5 Dúirt sé leo: “Tagaigí ar ais chugam faoi cheann trí lá.” D’imigh na daoine leo.
6 Ansin chuaigh Rachabám rí i gcomhairle leis na seanóirí a bhí ag déanamh seirbhíse dá athair Solamh fad a mhair sé. “Cén freagra,” ar sé, “a mholfadh sibh ba chóir dom a thabhairt ar an muintir seo?” 7 “Má bhíonn tú cneasta leis an bpobal seo,” ar siad, “agus má bhíonn tú lách leo, agus má bhíonn tú cóir leo, beidh siad mar sheirbhísigh agat go deo.” 8 Ach dhiúltaigh sé don chomhairle a thug na seanóirí dó agus chuaigh sé i gcomhairle leis na hógánaigh, a d’fhás suas leis féin, a bhí ina sheirbhís. 9 “Cén freagra a chomhairlíonn sibh dúinn a thabhairt ar an muintir seo a dúirt liom: ‘Bog dínn an chuing a leag d’athair orainn’?” 10 Agus d’fhreagair an dream óg a d’fhás suas leis agus dúirt leis: “Tabhair an freagra seo ar an muintir úd a dúirt: ‘Chuir d’athair ualach trom orainn le hiompar, ach déan é a éadromú dúinn’—abair é seo leo: ‘Is raimhre mo lúidín ná coim m’athar. 11 Leag m’athair ualach trom oraibh. Cuirfidh mise, más ea, breis ualaigh oraibh. Bhuail m’athair sibh le lasca; buailfidh mise sibh le scairpeanna.’”
12 An tríú lá tháinig Iarobám agus an pobal go léir go Rachabám, faoi mar a d’ordaigh an rí á rá: “Tagaigí chugam arís an treas lá.” 13 Thug an rí freagra garbh orthu gan aon aird a thabhairt ar an gcomhairle a thug na seanóirí dó. 14 Labhair Rachabám leo de réir chomhairle na n-ógfhear agus dúirt: “Leag m’athair ualach trom oraibh. Cuirfidh mise, más ea, breis ualaigh oraibh. Bhuail m’athair sibh le lasca; buailfidh mise sibh le scairpeanna.” 15 Níor éist an rí dá réir sin leis an bpobal, agus bhí sin curtha i gcrích ag Dia ionas go gcomhlíonfadh an Tiarna an gealltanas a thug sé ó bhéal Aichíá ó Shileo do Iarobám mac Nabát. 16 Nuair a chonaic Iosrael go léir nár thug an rí aon aird orthu, d’fhreagair an pobal an rí:
“Cén chuid atá againn i nDáiví?
Níl aon oidhreacht againn i mac Ieise.
Chun bhur mbothanna libh, a Iosrael, gach duine agaibh.
Tabhair aire do do theach féin feasta, a Dháiví!”
Agus d’imigh Iosrael go léir leo chun a mbothanna. 17 Ach bhí Rachabám ina rí ar chlann Iosrael a bhí ina gcónaí i gcathracha Iúdá. 18 Ansin chuir Rachabám rí uaidh Adorám a bhí i bhfeighil lucht an tsaothair éigeantaigh, ach chuir clann Iosrael chun báis de chlocha é; ansin níor mhór do Rachabám preabadh ina charbad agus teitheadh go Iarúsailéim. 19 Agus ar an gcuma sin tá Iosrael scartha ó theaghlach Dháiví go dtí an lá inniu féin.