Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • 2 Croinicí 27
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
An Bíobla Naofa
2 Croinicí 27:1-9

2 Croinicí

27 Bhí Iótám cúig bliana fichead d’aois nuair a tháinig sé i gcoróin agus bhí sé sé bliana déag i réim in Iarúsailéim. Iarúisiá iníon Zádóc ab ainm dá mháthair. 2 Rinne sé an ceart i bhfianaise an Tiarna, de réir mar rinne a athair Uiziá roimhe—ach gan dul isteach i sanctóir an Tiarna. Bhí an pobal fós, ámh, ar chosáin na coiriúlachta. 3 Eisean a thóg Geata Uachtarach Theampall an Tiarna agus rinne sé a lán tógála ar bhalla Oifil. 4 Thóg sé cathracha chomh maith ar ardáin Iúdá, agus dúnta agus túir sna foraoiseacha sléibhe. 5 Chuir sé cath ar rí na nAmónach agus chloígh iadsan. Thug na hAmónaigh céad tallann airgid dó an bhliain sin agus deich míle tomhas cruithneachta agus deich míle tomhas eorna. Ba í sin an tsuim nár mhór do na hAmónaigh a dhíol, rud a rinneadar an dara bliain agus an tríú bliain. 6 Chuaigh Iótám i neart mar ghabh sé an cosán díreach i láthair an Tiarna a Dhia. 7 An chuid eile de stair Iótám, a chogaí go léir, agus a bhearta, nach bhfuil sin go léir scríofa i Leabhar Ríthe Iosrael agus Iúdá? 8 Bhí sé cúig bliana fichead d’aois nuair a tháinig sé i gcoróin agus bhí sé sé bliana déag i réim in Iarúsailéim. 9 Ansin chuaigh Iótám chun suain lena shinsir agus adhlacadh é i gcathair Dháiví; tháinig a mhac Áchaz i gcomharbacht air.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn