Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Eazrá 1
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
An Bíobla Naofa
Eazrá 1:1-11

Eazrá

EAZRÁ

1 Sa chéad bhliain de réimeas Chíorais rí na Peirse, i dtreo go gcomhlíonfaí briathar an Tiarna ó bhéal Irimia, mhúscail an Tiarna spiorad Chíorais rí na Peirse le forógra a thabhairt agus é a fhoilsiú ar fud a ríochta go léir: 2 “Mar seo a deir Cíoras rí na Peirse: ‘Thug an Tiarna, Dia neimhe, ríochtaí uile na cruinne dom, agus chuir sé de dhualgas orm Teampall a thógáil dó in Iarúsailéim, in Iúdá. 3 Cibé dá mhuintir go léir atá in bhur measc, go raibh a nDia leo! Téidís suas go Iarúsailéim in Iúdá le Teampall an Tiarna, Dia Iosrael, a thógáil; eisean an Dia atá in Iarúsailéim. 4 Gach duine d’iarmhar a phobail, cibé áit ina bhfuil sé ag cur faoi, tagadh muintir a dhúiche i gcabhair air le hairgead, agus le hór, le maoin agus le heallach, agus le tabhartais dheonacha do Theampall Dé atá in Iarúsailéim.’”

5 Ansin cinn fine Iúdá agus Bhiniáimin, na sagairt agus na Léivítigh, agus go deimhin gach aon duine dár spreag Dia an spiorad iontu, chuireadar chun imeachta chun Teampall an Tiarna a atógáil in Iarúsailéim. 6 Chabhraigh a gcomharsana leo ar gach bealach le hairgead, le hór, le maoin, le heallach agus le tabhartais luachmhara, agus le hofrálacha deonacha de gach sórt.

7 Thóg Cíoras rí amach soithí Theampall an Tiarna a thug Nabúcadnazar leis ó Iarúsailéim agus a thíolaic sé do theampall a dhé. 8 Chuir Cíoras rí na Peirse iad i lámha Mhitreadát an cisteoir, agus chomhair seisean amach do Shéisbeazar flaith Iúdá iad. 9 Seo é a líon: míle mias óir, míle mias airgid, naoi dtúisteán fichead, 10 deich mbáisín fichead óir, ceithre chéad agus a deich mbabhla airgid agus míle soitheach eile. 11 Ba é líon na soithí go léir d’ór agus d’airgead ná cúig mhíle ceithre chéad [seasca a naoi]. Thug Séisbeazar an t-iomlán sin ar fad leis nuair a d’fhill na deoraithe ar ais ón mBablóin go Iarúsailéim.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn