Eistir
10 Rinne an rí Aisiuéaróis cáin a thobhach ón tír agus ó oileáin na mara. 2 Éachtaí a chumhachta is a chumais, agus tuairisc iomlán ar an ardghradam a bhronn an rí ar Mhordacaí, nach bhfuil sin go léir scríofa i Esther Annála Ríthe na Méide agus na Peirse? 3 [Insítear freisin] go raibh Mordacaí an Giúdach i dtánaiste don rí Aisiuéaróis, ionas go raibh a ainm in airde i measc na nGiúdach, agus go raibh ardmheas air ag na sluaite dá bhráithre mar nach raibh uaidh ach leas a phobail féin agus gur síocháin dá chine go léir a chúram.