Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Eistir 7
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
An Bíobla Naofa
Eistir 7:1-10

Eistir

7 Chuaigh an rí agus Hámán isteach chun na fleá le hEistir an bhanríon 2 agus ar an dara lá dúirt an rí arís le hEistir, agus iad ag ól fíona: “Cén t-iarratas atá agat, a bhanríon Eistir? Gheobhaidh tú é. Cén achainí atá agat? Fiú más é leath mo ríochta féin é, níl agat é ach é a lorg.” 3 Leis sin d’fhreagair an bhanríon Eistir: “Má tá lé agat liom, a rí, agus más toil le do mhórgacht é, iarraim coimirce m’anama mar iarratas, agus coimirce anama mo mhuintire mar achainí. 4 Óir daoradh sinn mise agus mo mhuintir chun ár scriosta agus ár marfa agus ár millte. Mura mbeadh i gceist ach sinn a reic inár ndaoir agus inár ndaoirseacha, ní osclóinn mo bhéal ina thaobh; ach mar atá an scéal, tá sé thar chumas an ghéarleantóra an dochar a dhéanfar don rí a leasú.” 5 Labhair an rí Aisiuéaróis ansin agus d’fhiafraigh sé den bhanríon Eistir: “Cé hé an fear úd a bhfuil de dhánaíocht ann a leithéid a dhéanamh agus cá bhfuil sé?” 6 D’fhreagair Eistir: “Siúd é an géarleantóir! an namhaid! Hámán na hurchóide!” Tháinig sceimhle agus scéin ar Hámán i láthair an rí agus na banríona. 7 D’éirigh an rí ón bhfleá agus fraoch feirge air agus amach leis i ngairdín an pháláis; ach d’fhan Hámán ansiúd le hanacal anama a impí ar an mbanríon Eistir, mar ba léir dó go raibh olc beartaithe ag an rí ina aghaidh.

8 Nuair a d’fhill an rí ar ais ó ghairdín an pháláis go halla na fleá fíona, bhí Hámán caite ar an tolg mar a raibh Eistir. “Cad é seo!” arsan rí. “An bhfuil sé ar tí an bhanríon a éigniú os comhair mo shúl i mo theach féin?” Is ar éigean a bhí na focail as a bhéal nuair a cuireadh púicín an bháis ar Hámán. 9 Ansin dúirt Harbóna, duine de na coillteáin a bhí i láthair ag freastal ar an rí: “Maith mar a tharla! An chroch leathchead banlámh ar airde a ghléas Hámán do Mhordacaí, an té a thug anam an rí slán lena thuairisc thráthúil tá sí réidh ina theach.” “Croch uirthi sin é,” arsan rí. 10 Chrochadar Hámán dá bhrí sin ar an gcroch a ghléas sé féin do Mhordacaí, agus chuaigh fearg an rí chun suain.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn