Iób
11 Ansin d’fhreagair Zófar ó Namát agus dúirt:
2 Nach bhfuil freagra le tabhairt ar chlabaireacht?
An bhfuil caint phras le bheith mar urra ag duine ar an gceart?
3 An ndéanfaidh na briathra a spalpann tú daoine a chur ina dtost?
An ndéanfaidh tú fonóid, gan duine do do bhréagnú?
4 Agus an ndéarfaidh tú: “Is íon é mo theagasc,
Agus an bhfuilim glan i do radharc?”
5 Uch nach labhródh Dia
Agus a bhéal a oscailt chugat,
6 agus rúin na heagna a nochtadh duit!
Is de bharr a chomhairle agus a thuisceana iontaí
Atá do choirpeacht á cúiteamh aige leat.
7 An féidir duit teorainn Dé a shroicheadh
Nó ciumhais an Uilechumhachtaigh a bhaint amach?
8 Is airde é ná na spéartha!—Cad tá ar do chumas?
Is doimhne é ná Seól!—Cad tá ar eolas agat?
9 Is faide é a thomhas ná an domhan,
Is fairsinge é ná an fharraige.
10 Má ghabhann sé thar bráid, agus braighdeanas a chur i bhfeidhm,
Nó cúisiú go poiblí, cé a chuirfidh cosc leis?
11 Is eol dó a pheacúla atá an duine;
Tá an urchóid os comhair a shúl, agus tugann sé aird uirthi.
12 Tá an duine baoth ar uireasa tuisceana;
Is cuma nó searrach an asail fhiáin an duine ag teacht ar an saol.
13 Má chuireann tú do chroí in ord,
Agus do lámha a leathadh chun Dé—
14 Má bhíonn an t-olc idir lámha agat, cuir i bhfad uait é,
Agus ná lonnaíodh an éagóir i do bhoth—
15 Ansin ardóidh tú do cheann agus gan máchail air,
Agus beidh tú daingean, gan eagla ort.
16 Déanfaidh tú dearmad de d’ainnise,
Gan de chuimhne agat air ach mar an tuile a ghabh thart.
17 Beidh do shaol níos gile na meán lae,
Agus déanfar láchan dá dhorchadas.
18 Beidh misneach agat, mar tá dóchas agat;
Féachfaidh tú i do thimpeall, agus luífidh tú síos go slán sábháilte.
19 Luífidh tú síos, gan eagla aon duine ort,
Ach a lán ar thóir do ghnaoi.
20 Ach féachfaidh lucht an oilc ina dtimpeall le súile marbhánta;
Ní bheidh bealach éalaithe fágtha acu,
Agus gan de dhóchas acu ach an dé deiridh.