Iób
15 Ansin d’fhreagair Eilífeaz ó Théamán agus dúirt:
2 Ar chóir do dhuine gaoismhear freagairt le heolas baoth?
Agus a bholg a líonadh le gaoth anoir?
3 An ndéanann sé a chúis a phlé le caint gan éifeacht
Agus le briathra gan tairbhe?
4 Sea, tá eagla Dé á cur ar shiúl agat
Agus tá urraim á diúltú agat dó.
5 D’urchóid a spreagann do ráite béil,
Agus is gean leat teanga na gcleasaithe.
6 Daorfar thú as do bhéal féin, agus ní as mo bhéalsa,
Agus is iad do bheola féin a thabharfaidh fianaise i d’aghaidh.
7 An tú céadghin an chine dhaonna?
Nó ar saolaíodh thú roimh na sléibhte?
8 Ar chuala tú rún Dé?
Ar ghlac tú an eagna chugat féin amháin?
9 Cén t-eolas atá agatsa nach bhfuil againne?
Cén intlíocht atá agat nach bhfuil againne freisin?
10 Tá an ceann liath agus an críonna inár measc,
Agus aos acu thar mar atá ag d’athair.
11 An beag ort na sóláis ó Dhia?
Agus an focal a labhraíonn go cneasta leat?
12 Cén fáth a mbaineann do racht de do bhonna thú?
Agus go bhfuil faghairt i do shúile?
13 A rá is go dtugann tú aghaidh do chaoraíochta ar Dhia
Agus go scaoileann tú focail mar sin as do bhéal.
14 Céard é an duine go mbeadh sé íon?
Agus gin na mná go mbeadh sé fíréanta?
15 Féach, ní chuireann Dia a mhuinín ina neacha naofa,
Ná ní íon iad na spéartha ina radharc.
16 Nach lú ná sin an duine, atá bréan gráiniúil,
Agus a shlogann an urchóid mar dheoch uisce?
17 Éist liom, tá ceacht agam duit,
Agus inseoidh mé duit cad a chonaic mé:
18 Cad deir lucht gaoise,
Agus nár cheil a sinsir,
19 Ar dóibh amháin a tugadh an talamh,
Agus nár ghabh aon deoraí ina measc:–
20 I gcaitheamh a ré go léir,
Tá an t-urchóideach á chiapadh
Agus tá blianta an tíoránaigh arna ríomhadh.
21 Tá glórtha bagracha ina chluasa
Agus tiocfaidh an scriostóir air i lár a chonáigh.
22 Ní bheidh aon dóchas aige go bhfillfidh sé ón dorchadas;
Tá a fhios aige gurb é an claíomh is dán dó,
23 Agus a bheith ina bhia ag badhbha.
Tá a fhios aige go bhfuil an mí-ádh mar chinniúint aige,
24 Agus cuireann lá an dorchadais scanradh air;
Faigheann buairt agus dálghas an lámh in uachtar air,
Amhail agus dá mbeadh rí éigin ar tí a ionsaithe.
25 Óir shín sé a lámh in aghaidh Dé,
Agus leomhaigh sé dúshlán an Uilechumhachtaigh a thabhairt.
26 Thug sé ruathar ceanndána faoi
le sciath ramharbhocóideach.
27 Bhí brat blonaige ar a cheannaithe
Agus sprochaillí saille ar a cheathrúna.
28 Chuir sé faoi i gcathracha scriosta
Agus lonnaigh i dtithe tréigthe,
A bhfuil i ndán dóibh bheith ina bhfothracha.
29 Ní bheidh sé saibhir, ná ní mhairfidh a mhaoin,
Ná ní leathfaidh a [scáth] i bhfad eile ar talamh.
30 Ní scarfaidh sé leis an dorchadas;
Loscfaidh lasair a bhachlóga
Agus scuabfaidh an ghaoth a pheaca ar shiúl.
31 Ná téadh sé i muinín a thoirt;
Tá breall air, níl aon tathag ann.
32 Feofaidh a ghéaga roimh a n-am;
Ní bheidh a chraobha glas.
33 Ligfidh sé dá thorthaí titim agus gan iad abaí, dála na bhfíniúna,
Agus caithfidh sé uaidh a bhláth dála na holóige:
34 Óir níl an rath ar chuideachta na n-urchóideach,
Agus loscfar bothanna na breibe le tine.
35 Óir gineann siad mailís agus beireann siad an urchóid,
Agus déanann a mbroinn an chalaois a réiteach.