Iób
18 Ansin d’fhreagair Bildead ó Shiúach agus dúirt:
2 An gcuirfidh tú srian go deo le do theanga?
An gcaithfimid éisteacht, agus gan labhairt go pras?
3 Cén fáth nach bhfuil ach meas madra agat orainn,
Agus gur cuma leat sinn nó [ainmhí éigiallda]
4 a stollann é féin le barr feirge?
An gcaithfear an tír a bhánú ar do shon
Agus an charraig a chur as a leaba?
5 Ní foláir, ambasa, solas an choirpigh a mhúchadh,
Agus lasair a thine a dhul in éag.
6 Lagófar an solas ina bhoth
Agus múchfar an lampa os a chionn.
7 Déanfar a choiscéimeanna daingne a chrapladh,
Agus leagfaidh a chomhairle féin ar lár é.
8 Óir tugann a chosa féin isteach sa líon é,
Agus siúlann sé i measc na sás.
9 Béarfaidh gaiste ar sháil air
Agus greamóidh sé sa dol.
10 Beidh súil ribe i bhfolach ina chomhair sa talamh,
Agus gaiste roimhe ar an gcosán.
11 Beidh scanradh air ó uafáis ina thimpeall,
Agus iad á leanúint go dlúth ar a shála.
12 Beidh an gorta aige mar [pháirtí]
Agus an mí-ádh go dlúth lena thaobh.
13 Déanfaidh galar a chraiceann a chnaí,
Agus céadghin an bháis a ghéaga a chreimeadh.
14 Scuabfar é óna bhoth mar ar bhraith sé slán sábháilte.
Agus tabharfar é i láthair rí na n-uafás.
15 Lonnóidh [Lilit] faoina dhíon,
Agus scaipfear ruibh ar a ghabháltas.
16 Seargfaidh a fhréamha laistíos,
Agus feofaidh a chraobha lastuas.
17 Rachaidh gach cuimhne air sa tír ar ceal,
Agus ní mhairfidh a thásc ina dhúiche.
18 Tiomáinfear é ó sholas go dorchadas,
Agus ruaigfear as an saol é.
19 Ní bheidh síol ná sliocht air i measc a chine,
Ná comharba air ina áit chónaithe.
20 Cuirfidh a chríoch uafás ar an domhan thiar,
Agus scéin ar an domhan thoir.
21 B’áit chónaithe choirpigh an áit seo go dearfa,
Áitreabh duine nárbh eol dó Dia.