Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Iób 32
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
  • 16
  • 17
  • 18
  • 19
  • 20
  • 21
  • 22
An Bíobla Naofa
Iób 32:1-22

Iób

32 Scoir an triúr sin de bheith ag freagairt Iób mar go raibh sé cinnte go raibh sé neamhchiontach. 2 Ach tháinig racht feirge ar Eilíhiú mac Bharacael ó Bhúz, de chlann Rám. Bhí a racht dírithe ar Iób mar gur mheas seisean nárbh é Dia ach é féin a bhí sa cheart. 3 Bhí a racht dírithe leis ar a thriúr cairde, mar nár thángadar ar fhreagra, agus gur dhaoradar [Dia]. 4 Fad a bhíodarsan ag caint le Iób, bhí foighne ag Eilíhiú mar ba shine iad ná eisean. 5 Ach nuair a chonaic Eilíhiú nár fágadh focal le freagairt i mbéal an triúir, tháinig rabharta feirge air.

6 Agus ansin d’fhreagair Eilíhiú mac Bharacael agus dúirt:

Táim ar bheagán blianta

Agus sibhse in bhur seanóirí,

Uime sin bhí eagla agus ceann faoi orm

Mo smaointe a nochtadh.

7 Dúirt mé: “Labhraíodh na blianta

Agus cuireadh an aois mhór an eagna in iúl!”

8 Ach tá fhios agam anois gur spiorad sa duine,

Agus anáil ón Uilechumhachtach a thugann tuiscint.

9 Ní le haois mhór a thagann an chríonnacht,

Ná ní hiad na seanóirí is géire breith.

10 Deirim, dá bhrí sin, “Tugaigí cluas dom!

Bíodh cead cainte agamsa freisin le m’eagna a fhógairt!”

11 Bhí mise ag éisteacht le bhur mbriathra,

Agus cluas agam do bhur ráite gaoise;

Fad a bhí sibh ag cuartú focal le freagairt,

12 Bhí aird agam oraibh.

Ach, féach, ní raibh aon duine le Iób a bhreagnú;

Ní raibh aon duine in bhur measc lena ráitis a fhreagairt.

13 Ná bíodh sé de dhánaíocht ionaibh a rá go bhfuair sibh greim ar an eagna,

Ná gurbh ó Dhia agus nach ó dhuine [bhur dteagasc].

14 Nílimse chun feidhm a bhaint as a leithéid sin d’argóint;

Beidh malairt cló ar mo fhreagrasa.

15 Tá siad bainte dá mbonna, gan focal astu,

Ná freagra ina mbéal.

16 D’fhan mé nó gur éisteadar,

Gur stadadar, gan a thuilleadh a rá.

17 Beidh rud éigin le rá agamsa anois!

Déanfaidh mise anois m’eolas a fhógairt.

18 Féach! táim lán de chaint!

Agus tá an spiorad i mo bholg do m’éigniú.

19 Tá mo bholg mar fhíon nua ag lorg poill sceite,

Agus ag pléascadh seithe nuaghlan fíona.

20 Níl d’fhaoiseamh agam ach labhairt,

Osclóidh mé mo bhéal agus tabharfaidh mé freagra.

21 Ní bheidh lé agam le haon duine,

Ná ní bheidh mé ag bladar le fear ar bith.

22 Nílim oilte ar an mbladar

Nó is gearr go gcuirfeadh mo chruthaitheoir deireadh liom.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn