Sailm
Trócaire an Tiarna
[Salm le] Dáiví.
103 Beannaigh an Tiarna, a anam liom;
go mbeannaí a bhfuil ionam a ainm naofa.
2 Beannaigh an Tiarna, a anam liom;
ná tabhair i ndíchuimhne a thíolacthaí uile.
3 Maitheann sé do chionta go léir duit;
agus leigheasann sé d’easláintí uile.
4 Fuasclaíonn sé d’anam ón uaigh;
corónaíonn sé le buanghrá is le trua thú.
5 Líonann sé do shaol le nithe fónta;
déantar d’óige a athnuachan mar a bheadh iolar.
6 Cuireann an Tiarna an fhíréantacht i bhfeidhm;
tugann sé ceart dá mbíonn faoi dhaorsmacht.
7 Chuir sé a shlite in iúl do Mhaois;
agus a ghníomhartha in iúl do chlann Iosrael.
8 Is grámhar trócaireach é an Tiarna,
foighneach agus lán de cheansacht.
9 Ní i gcónaí a bheidh sé ag cáineadh;
ní de shíor a bheidh sé i bhfeirg linn.
10 Ní de réir ár bpeacaí a roinneann sé linn;
ní de réir ár gcionta a chúitíonn sé linn.
11 Óir ní airde neamh os cionn talaimh
ná a bhuanghrá don dream lenarb eagal é.
12 Ní faide an t-oirthear ón iarthar
ná an fad a chuireann sé ár gcionta uainn.
13 Amhail is trua leis an athair a chlann,
is trua leis an Tiarna lucht a eaglaithe.
14 Óir is eol dó an tslí inar cumadh sinn
agus is cuimhin leis nach bhfuil ionainn ach luaithreach.
15 Is cosúil ré an duine le féar;
bláthaíonn sé amhail bláth an mhachaire.
16 Téann sé ar ceal le leoithne gaoithe,
agus ní fios dá ionad féin é feasta.
17 Ach maireann buanghrá an Tiarna go síoraí
don dream ar a mbíonn a eagla,
18 agus a fhíréantacht do chlann a gclainne
nuair a chomhlíonann siad a chonradh go dílis,
agus go ndéanann siad de réir a thola.
19 Shocraigh an Tiarna a chathaoir ar neamh;
agus rialaíonn a ríogacht gach aon ní.
20 Molaigí an Tiarna, a aingle uile an Tiarna
a dhéanann a réir go cumasach,
agus a bhíonn go humhal dá bhriathar.
21 Molaigí an Tiarna, a aingle uile an Tiarna,
a lucht fónaimh a dhéanann a thoil.
22 Molaigí an Tiarna, a oibreacha uile an Tiarna
i ngach uile áit dá bhfuil faoina réir.
Beannaigh an Tiarna, a anam liom.