Sailm
AN CÚIGIÚ LEABHAR
Moladh le Dia
107 Tugaigí buíochas don Tiarna toisc gur maith é,
toisc go maireann a bhuanghrá go brách.
2 Abradh amhlaidh an dream ar shlánaigh an Tiarna iad,
an dream a shlánaigh sé ó láimh an namhad,
3 agus a chruinnigh sé ó thíortha i gcéin,
anoir, aniar, aneas agus aduaidh.
4 Ghabh siad ar seachrán in uaigneas an fhásaigh;
níor aimsigh siad slí chuig cathair chónaithe.
5 Bhí ocras agus tart as cuimse orthu,
go raibh siad i ndeireadh a n-anama.
6 Ach ghlaoigh siad ar an Tiarna ina ngátar;
agus rinne sé a bhfuascailt óna n-anacraí,
7 agus sheol sé ar an mbóthar díreach iad
ionas gur aimsigh siad cathair chónaithe.
8 Gabhaidís buíochas leis an Tiarna as ucht a bhuanghrá,
as ucht na n-iontas a dhéanann sé don Ádhamchlann,
9 de bhrí gur shásaigh sé an t-anam tartmhar,
agus gur líon sé de nithe fónta an t-anam ocrach.
10 Bhí siad ina suí sa duifean agus sa dorchacht,
i gcuibhreacha na hainnise agus an iarainn,
11 toisc go ndeachaigh siad in easumhlaíocht ar Dhia,
agus gur neamhshuim leo comhairle an Neach is Airde.
12 D’ísligh sé a gcroí le buairt;
thuisligh siad; ní raibh aon neach lena dtarrtháil.
13 Ach ghlaoigh siad ar an Tiarna ina ngátar,
agus rinne sé a bhfuascailt óna mbuaireamh.
14 Thug sé amach as an duifean agus an dorchacht iad;
agus réab sé a gcuibhreacha ó chéile.
15 Gabhaidís buíochas leis an Tiarna as ucht a bhuanghrá;
as ucht na n-iontas a dhéanann sé don Ádhamhchlann.
16 Óir rinne sé smionagar de na doirse práis
agus réab sé na sparraí iarainn ó chéile.
17 Buaileadh breoite iad de dheasca a bpeacaí;
bhíodar á gcrá de dheasca a gcionta.
18 Ba ghráin leo an uile shórt bia;
agus dhruid siad le doirse an bháis.
19 Ach ghlaoigh siad ar an Tiarna ina ngátar;
agus rinne sé a bhfuascailt óna mbuaireamh.
20 Chuir sé a bhriathar chucu á leigheas;
agus saoradh iad ón scrios a bhí ag bagairt orthu.
21 Gabhaidís buíochas leis an Tiarna as ucht a bhuanghrá;
as ucht na n-iontas a dhéanann sé don Ádhamchlann.
22 Ofrálaidís a n-íobairtí buíochais,
agus fógraídís a éachtaí go háthasach.
23 Sheol cuid acu an mhuir i loingeas;
a thrádáil ar an aigéan imleathan,
24 mar a bhfaca siad oibreacha an Tiarna,
agus na héachtaí a dhéanann sé san fharraige.
25 Óir labhair sé agus mhúscail sé an t-anfa,
agus thóg sé mórthonnta na mara.
26 Suas go haer leo agus síos leo go grinneall,
gur theip ar a meanma ina n-anbhroid.
27 Bhí siad ag tuisliú is ag titim amhail lucht meisce,
mar dhaoine a bhí i mbarr a gcéille.
28 Ach ghlaoigh siad ar an Tiarna ina ngátar;
agus rinne sé a bhfuascailt óna mbuaireamh.
29 Chiúnaigh sé an t-anfa is an doineann;
agus chuir tonnta na mara ina dtost.
30 Ghabh áthas iad as ucht an chiúnais;
agus sheol sé iad sa chuan ba mhian leo.
31 Gabhaidís buíochas leis an Tiarna as ucht a bhuanghrá,
as ucht na n-iontas a dhéanann sé don Ádhamhchlann.
32 Tugaidís moladh dó i gcomhthionól an phobail;
déanaidís a mhóradh i seanad na sean.
33 Rinne sé fásach de shruthanna;
talamh tirim de thoibreacha uisce;
34 riasca salainn de thalamh torthúil
mar gheall ar urchóid a lucht áitrithe.
35 Agus rinne sé locha uisce den fhásach;
toibreacha uisce den talamh tur tirim.
36 Agus chuir sé lucht an ocrais ag lonnú ann;
agus bhunaigh siad ann cathair ináitrithe.
37 Chuir siad síol ann agus phlandaigh siad fíniúna;
agus thug an talamh barr ar fheabhas dóibh.
38 Bheannaigh sé iad agus chuaigh siad i líonmhaireacht;
níor lig sé dá dtréada dul i laghad.
39 Ach caitheann sé dímheas le flatha;
agus ligeann ar seachrán slí iad san fhásach.
40 Agus téann siad i laghad agus i laige;
de thoisc iomad a n-olc is a n-angar.
41 Ach tógann sé na boicht as a n-ainnise,
go ndéanann a dteaghlaigh chomh líonmhar le tréada.
42 Feiceann na fíréin agus déanann siad gairdeas,
agus cuirtear an uile urchóid ina tost.
43 Tabharfaidh an t-eagnaí na nithe seo dá aire;
agus beidh tuiscint aige ar bhuanghrá an Tiarna.