Sailm
An Teanga Chealgach
Amhrán Oilithreach.
120 Ar an Tiarna a scairt mé nuair a bhí mé do mo bhuaireamh;
agus d’éist sé liom.
2 A Thiarna, saor m’anam ar an mbéal urchóideach,
agus ar an teanga chealgach.
3 Cad a imreoidh sé ort d’fhonn an comhar a íoc leat,
a theanga chealgach?
4 Saigheada géara an churaidh chalma,
agus sméaróidí dearga.
5 Is é mo dhíth bheith i mo chónaí i Meiseach;
i bpubaill Chéadar.
6 Is fada atá m’anam ag lonnú leis an dream
ar fuath leo an tsíocháin.
7 Nuair a labhraim ar son na síochána,
tugann siad fúm gan fáth.