Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Salm 126
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
An Bíobla Naofa
Salm 126:1-6

Sailm

Síolchur Deorach, Fómhar Lúcháireach

Amhrán Oilithreach.

126 Nuair a sheol an Tiarna príosúnaigh Shíón ar ais,

ba chosúil le lucht aislinge sinn.

2 Líon ár mbéal le gáire,

agus ár dteanga le gairdeas.

Bhíothas á rá ansin i measc na gciníocha:

“Rinne an Tiarna go héachtach dóibh.”

3 Rinne an Tiarna na héachtaí dúinn;

bhí áthas orainn go deimhin.

4 Cuir sonas orainn arís, a Thiarna,

mar shruthanna sa Neigib.

5 An dream a chuireann síol le deora,

bainfidh siad an fómhar faoi ghairdeas.

6 Ag sileadh deor dóibh gabhann siad amach,

ag iompar síl chun a scaipthe.

Ag teacht ar ais dóibh tagann siad faoi áthas,

agus a bpunanna á n-iompar acu.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn