Sailm
Aoibhneas an Ghrá Bhráithriúil
Amhrán Oilithreach. Le Dáiví.
133 Féach! nach maith agus nach aoibhinn é
go mbeadh bráithre ina gcónaí le chéile.
2 Mar uinnimint a doirteadh ar an gceann,
agus a shil ar an bhféasóg –
a shil anuas ar fhéasóg Árón,
go himeall a fhallainge.
3 Is cosúil le drúcht Hearmón é agus é ag titim
anuas ar Shliabh Shíón.
Is ann a thug an Tiarna beannacht,
agus beatha go brách.