Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Salm 135
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
  • 16
  • 17
  • 18
  • 19
  • 20
  • 21
An Bíobla Naofa
Salm 135:1-21

Sailm

Moladh leis an Tiarna

135 Alleluia.

Molaigí ainm an Tiarna;

molaigí é, a lucht fónaimh an Tiarna,

2 a bhíonn in bhur seasamh i láthair an Tiarna,

i gcúirteanna áras ár nDé.

3 Molaigí an Tiarna toisc gur maith é an Tiarna;

canaigí Salm dá ainm toisc gur grámhar é;

4 óir roghnaigh an Tiarna Iacób,

agus Iosrael ina sheilbh dó féin.

5 Óir is eol dom gur mór é an Tiarna,

ina Dhia os cionn na ndéithe go léir.

6 Déanann sé a dtaitníonn leis ar neamh is ar talamh,

ar muir agus in íochtar na farraige.

7 Seolann sé scamaill ó chríocha na cruinne;

déanann sé fearthainn le saighneáin tine;

tógann sé na gaotha as a n-ionaid taisce.

8 Bhuail sé céadghin na hÉigipte,

idir dhaoine agus bheithígh in éineacht.

9 Rinne sé comharthaí agus tuartha

i gceartlár do thíre, a Éigipt

in aghaidh Fhorainn is a lucht fónaimh go léir.

10 Bhuail sé a lán de na ciníocha;

agus mharaigh sé ríthe cumhachtacha –

11 Síochon, rí na nAmórach

agus Óg a bhí ina rí ar Bháiseán,

agus ríthe Chanán go léir.

12 Agus thug sé a dtalamh mar oidhreacht,

mar oidhreacht do Iosrael, a phobal.

13 Maireann d’ainm de shíor, a Thiarna,

agus do chuimhne ó ghlúin go chéile.

14 Óir déanfaidh an Tiarna a phobal a chosaint;

agus glacfaidh sé trua dá lucht fónaimh.

15 Ór agus airgead íola na gciníocha,

saothar lámh na ndaoine.

16 Tá béal acu ach ní fhéadann siad labhairt;

tá súile acu ach ní fheiceann siad dada;

17 tá cluasa orthu ach ní chluineann siad smid;

ná níl puth anála ina mbeola.

18 Is cosúil leo féin lucht a ndéanta;

agus a gcuireann a ndóchas iontu.

19 A theaghlach Iosrael, tabhair moladh don Tiarna;

a theaghlach Árón, tabhair moladh don Tiarna;

20 a theaghlach Léiví, tabhair moladh don Tiarna;

a lucht adhartha an Tiarna, tabhair moladh dó.

21 Moladh leis an Tiarna as Síón;

tá cónaí air in Iarúsailéim!

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn