Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Salm 137
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
An Bíobla Naofa
Salm 137:1-9

Sailm

Cois Sruthanna na Bablóine

137 Cois sruthanna na Bablóine

a shuíomar ag sileadh deor,

ag cuimhneamh dúinn ar Shíón.

2 Ar shaileoga na tíre sin

chrochamar ár gcruiteanna.

3 Óir an drong a rinne bránna dínn,

d’iarr siad amhráin orainn,

agus an drong a bhíodh dár gciapadh,

d’iarr siad lúcháir orainn:

“Scaoiligí chugainn,” a deiridís,

“amhrán d’amhráin Shíón.”

4 Conas a chanfaimis amhrán an Tiarna

i dtír na gcoimhthíoch?

5 Má dhéanaim dearmad ort, a Iarúsailéim,

go gcrapa mo dheaslámh!

6 Go gceanglaí mo theanga de mo charball,

mura gcuimhním ort,

mura gcuire mé Iarúsailéim

mar bharr m’aoibhnis uile.

7 Cuimhnigh, a Thiarna,

in aghaidh chlann Eadóm,

lá treascartha Iarúsailéim,

nuair a dúirt siad:

“Scriosaigí í, scriosaigí í;

leagaigí go talamh í.”

8 A iníon na Bablóine,

nach tú an scriosaire!

Is méanar don té a dhíolfaidh leatsa

na dochair a d’imir tú orainne –

9 an té a bhéarfaidh ar do leanaí

á mbascadh in éadan na carraige!

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn