Sailm
Fuascail Mé ó Líon na nUrchóideach
Do stiúrthóir an chóir. Salm le Dáiví.
140 [140:2] Fuascail mé a Thiarna, ón drochdhuine;
cosain mé ar fhear an fhoréigin,
2 [140:3] ar lucht beartaithe an oilc ina gcroí,
a mbíonn aighneas á mhúscailt de shíor acu.
3 [140:4] Cuireann siad faobhar ar a dteanga mar nathair;
agus bíonn nimh na nathrach faoina mbeola.
4 [140:5] Tarrthaigh mé ó láimh an urchóidigh, a Thiarna;
cosain mé ar fhear an fhoréigin;
is mian leo barrthuisle a bhaint asam.
5 [140:6] Chuir na díomasaigh gaiste i bhfolach romham;
leath siad líon agus téada romham;
chuir siad súil ribe romham sa tslí. Selah
6 [140:7] Deirim leis an Tiarna: “Mo Dhia thú!”
Éist, a Thiarna, le glór mo ghuí.
7 [140:8] A Thiarna Dia, is tú mo chabhair chumhachtach;
cumhdaíonn tú mo cheann lá an chatha.
8 [140:9] Ná géill, a Thiarna, do mhianta na n-urchóideach;
nár éirí lena mírúin mhailíseacha. Selah
9 [140:10] Tógann an drong atá thart timpeall orm a gceann;
go dtreascraí mailís a mbruas féin iad.
10 [140:11] Go bhfeara sé sméaróidí dearga orthu anuas;
go gcaithe sé isteach i bpoll talún iad,
i dtreo is nach n-éirí siad arís.
11 [140:12] Ní bheidh an rath ar fhear na drochtheanga;
tiocfaidh an tubaiste ar fhear an fhoréigin.
12 [140:13] Is eol dom go ndéanfaidh an Tiarna,
ceart is cóir don duine bocht ’s don duine dealbh.
13 [140:14] Tabharfaidh na fíréin buíochas do d’ainm;
agus mairfidh lucht an ionracais i do láthair.