Sailm
Is aoibhinn don Té a mbíonn a Dhóchas i nDia aige
146 Alleluia.
Tabhair moladh don Tiarna, a anam liom.
2 Molfaidh mé an Tiarna le mo bheo;
molfaidh mé mo Dhia fad a mhairfidh mé.
3 Ná cuirigí bhur muinín i bhflatha,
ná sa duine trí nach dtagann slánú.
4 Nuair a scarann an anáil leis filleann sé sa chré
agus téann a bhearta ar ceal an uair sin.
5 Is méanar don té a bhfuil a chúnamh i nDia Iacóib;
a chuireann a dhóchas sa Tiarna, a Dhia,
6 an té a rinne neamh agus talamh,
an fharraige, agus gach a bhfuil iontu.
An té a sheasann lena bhriathar de shíor;
7 agus a dhéanann ceart don dream atá faoi chois.
Is é a thugann bia don ocrach.
Is é an Tiarna a scaoileann na braighdeanaigh.
8 Osclaíonn sé súile na ndall.
Tógann sé suas an dream atá crom.
[146:8c] Tugann an Tiarna grá don fhíréan.
9 Cumhdaíonn an Tiarna an coimhthíoch;
déanann sé tacaíocht don dílleachtaí is don bhaintreach.
[146:9c] ach cuireann sé slí na bpeacach trína chéile.
10 Beidh an Tiarna i réim go brách,
ina Dhia agat, a Shíón, ó ghlúin go glúin.