Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Salm 20
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
An Bíobla Naofa
Salm 20:1-9

Sailm

Urnaí ar son an Rí

Do stiúrthóir an chóir. Salm le Dáiví.

20 [20:2] Go n-éiste an Tiarna leat lá an bhuairimh:

go gcumhdaí ainm Dia Iacóib thú!

2 [20:3] Go gcuire sé cúnamh chugat ón sanctóir

agus go dtuga sé taca duit as Síón.

3 [20:4] Go mba cuimhin leis d’ofrálacha go léir:

go mba taitneamhach leis d’íobairtí uileloiscthe.

4 [20:5] Go dtuga sé mianta do chroí duit,

go gcomhlíona sé do bhearta go léir.

5 [20:6] Go ndéanaimid lúcháir as ucht do bhua,

agus gairdeas in ainm ár nDé.

Go ndeonaí an Tiarna d’achainíocha go léir duit.

6 [20:7] Is deimhin liom anois go bhfuil an bua

tugtha ag an Tiarna dá ungthach;

go bhfreagróidh sé óna fhlaitheas naofa

le gníomhartha is le cumhacht a dheasláimhe.

7 [20:8] Bíonn dóchas droinge i gcarbaid

agus dóchas droinge eile in eachra;

cuirimidne, áfach, ár ndóchas

in ainm an Tiarna, ár nDia.

8 [20:9] Treascrófar iad siúd agus titfidh siad;

seasfaimidne an fód go daingean.

9 [20:10] Tabhair an bua don rí, a Thiarna,

agus éist linn nuair a ghlaoimid ort.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn