Sailm
Páis agus Caithréim Chríost
Do stiúrthóir an chóir. Leis an bhfonn “Eilit na Maidine”. Salm le Dáiví.
22 [22:2] A Dhia liom, a Dhia liom, cad chuige ar thréig tú mé?
Is fada tú ó m’achainí agus ó bhriathra mo chneadaí.
2 [22:3] Ní éisteann tú, a Dhia, nuair a ghlaoim ort sa lá:
Nuair a screadaim ort san oíche ní bhfaighim aon suaimhneas.
3 [22:4] Ar a shon sin, is naofa thú, a Thiarna,
agus tú i d’ábhar molta ag Iosrael.
4 [22:5] Ionatsa a chuir ár n-aithreacha a ndóchas:
bhí muinín acu asat agus shaor tú iad.
5 [22:6] Nuair a ghlaoigh siad ort sábháladh iad:
is ort a bhí a seasamh is níor chaill tú orthu.
6 [22:7] Péist is ea mise; ní duine mé:
táim i mo sceith béil ag na daoine
agus i m’ábhar aithise ag an bpobal.
7 [22:8] Gabhann a bhfeiceann mé ag fonóid fúm:
croitheann siad a gceann agus pus orthu:
8 [22:9] “Bhí a mhuinín as an Tiarna go saorfaí é:
saoradh seisean é, más air atá a ghreann.”
9 [22:10] Is tú a thug amach as an mbroinn mé
agus a thug dóchas dom is mé ar chíocha mo mháthar.
10 [22:11] Ba leatsa mé ó lá mo bhreithe:
ó bhroinn mo mháthar is tú mo Dhia.
11 [22:12] Ná bí i bhfad uaim in am mo bhuartha;
bí i m’aice, óir níl aon chabhair eile agam.
12 [22:13] Is iomaí sin tarbh atá i mo thimpeall,
tá tréantairbh Bháiseán thart orm.
13 [22:14] Leathann siad a gcraos i mo choinne
mar leon amplach agus é ag búiríl.
14 [22:15] Doirtear amach mé mar uisce,
tá mo chnámha arna scaoileadh ó chéile.
Is cosúil mo chroí le céir
arna leá i lár mo chléibh.
15 [22:16] Shearg mo scornach mar shlige cré-umha,
is tá mo theanga ag ceangal de mo charball:
leagann tú i luaithreach an bháis mé.
16 [22:17] Tá mórán madraí i mo thimpeall
’s táim crioslaithe ag gasra bithiúnach.
Tollann siad mo lámha agus mo chosa;
17 [22:18] féadaim mo chnámha go léir a chomhaireamh.
Baineann siad lán a súl asam go sásta.
18 [22:19] Roinneann siad mo chuid éadaigh eatarthu
agus caitheann siad crainn ar mo chóta.
19 [22:20] Ach ná bíse i bhfad uaim, a Thiarna;
mo chabhair thú! brostaigh chun mo chúnaimh.
20 [22:21] Déan m’anam a fhuascailt ón gclaíomh
agus mo bheatha ó ghreim an mhadra.
21 [22:22] Saor mé ó bhéal an leoin
agus m’anam bocht ó adharca na ndamh allta.
22 [22:23] Fógróidh mé d’ainm do mo bhráithre,
molfaidh mé thú i lár do phobail.
23 [22:24] Molaigí an Tiarna, a mhuintir lenarb eagal é:
tugaigí clú dó, a shliocht Iacóib go léir,
tugaigí urraim dó, a shíol Iosrael ar fad;
24 [22:25] de bhrí nár bheag air an bochtán
agus nár scorn leis riamh a ainnise.
Níor cheil sé riamh a ghnúis air
ach d’éist leis an uair a ghlaoigh sé air.
25 [22:26] De do thairbhe-se a thugaim moladh sa mhórthionól;
comhlíonfaidh mé mo mhóideanna i láthair
an dreama ar a mbíonn a eagla.
26 [22:27] Íosfaidh na bochtáin agus sásófar iad;
molfaidh lucht a iarrtha an Tiarna.
Go maire bhur gcroí go brách!
27 [22:28] Cuimhneoidh gach aird de chríocha na cruinne,
cuimhneoidh an domhan uile agus casfaidh ar an Tiarna,
agus adhrfaidh na ciníocha go léir ina fhianaise.
28 [22:29] Is leis an Tiarna an ceannas: rialaíonn sé na náisiúin
29 [22:30] agus adhrfaidh maithe móra an talaimh ina fhianaise:
cromfaidh ina láthair a ngabhann síos sa luaithreach.
30 [22:31] Nuair nach beo don duine feasta beidh a shliocht ag fónamh dó
’s ag tabhairt tuairisc an Tiarna do ghlúin atá le teacht.
31 [22:32] Foilseoidh siad a dhílse do phobal nár saolaíodh fós,
á chur i gcéill dóibh gurb eisean a rinne an ní seo.