Sailm
Impí agus Altú Buíochais
Le Dáiví.
28 Ortsa, a Thiarna, a screadaim,
éist liom, a charraig.
Mura n-éisteann tú beidh mé mar dhuine
a ghabhann síos san uaigh.
2 Éist le glór mo ghuí is mé ag éamh ort
a iarraidh do chúnaimh,
’s mé ag tógáil mo lámh chugat, a Thiarna,
i dtreo do shanctóra naofa.
3 Ná sciob mé i bhfochair na bpeacach
i bhfarradh na n-urchóideach
a labhraíonn go cneasta lena gcomharsana
agus an t-olc ina gcroí.
4 Tabhair díolaíocht dóibh de réir a ngníomhartha
agus mioscais a n-ainbheart.
Tabhair luach saothair dóibh de réir obair a lámh:
déan an comhar a dhíol leo.
5 Óir is beag acu gníomhartha an Tiarna
agus saothar a lámh.
Go mille sé iad, is nár thóga sé arís iad.
6 Moladh leis an Tiarna toisc gur éist sé
le glór mo ghuí.
7 Is é an Tiarna mo neart agus mo sciath:
tá dóchas mo chroí ann.
Tugadh cabhair dom; gairdíonn mo chroí
agus canaim amhrán dó.
8 Is é an Tiarna neart a phobail,
is é dídean shábháilte a ungthaigh é.
9 Fóir ar do phobal, tabhair beannacht do d’oidhreacht,
á gcothú agus á n-iompar go brách.