Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Salm 42
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
An Bíobla Naofa
Salm 42:1-11

Sailm

AN DARA LEABHAR

Saint chun Dé agus chun a Theampaill

Do stiúrthóir an chóir. Mascil chlann Chorach.

42 [42:2] Faoi mar a shantaíonn an eilit

na sruthanna uisce

is amhlaidh a shantaíonn m’anam

thusa, a Dhia.

2 [42:3] Tá cíocras chun Dé ar m’anam

chun Dé bheo;

cá huair a thiocfaidh mé go bhfeicfidh mé

gnúis mo Dhé.

3 [42:4] Is iad mo dheora is bia dom

de lá agus d’oíche

nuair a fhiafraítear díom in aghaidh an lae:

“Cá bhfuil do Dhia?”

4 [42:5] Ar na nithe seo a dhéanaim mo mhachnamh

nuair a chuirim mo racht díom:

mar a ghluaisinn i dtosach an tslua

ag triall ar theach Dé dom,

le gártha gairdis agus molta

i ndáil fleá agus féile.

5 [42:6] Cén fáth a bhfuil tú buartha, a anam liom,

faoi mhíshuaimhneas istigh ionam?

Cuir do dhóchas i nDia; molfaidh mé go fóill é;

mo shlánaitheoir agus mo Dhia é.

6 [42:7] Tá m’anam go buartha istigh ionam,

is ort a bhím ag cuimhneamh

ó thír na Iordáine, ó Hearmón,

agus fós ó Shliabh Mizeár.

7 [42:8] Glaonn na duibheagáin ar a chéile

le torann do chuid easanna.

Tagann do thonnta agus do thuilte go léir

ina gcaisí anuas orm.

8 [42:9] Bronnfaidh an Tiarna a bhuanghrá

orm de lá

agus canfaidh mé ceadal san oíche

do Dhia mo bheo.

9 [42:10] Deirim le Dia, mo charraig, cén fáth

a ndearna tú dearmad orm?

Cad chuige dom triall go dobrónach

is mo namhaid do mo chrá?

10 [42:11] Le hachasáin a bhaineann fáscadh as an gcroí agam

tarcaisníonn mo naimhde mé,

á rá liom gan stad in aghaidh an lae:

“Cá bhfuil do Dhia?”

11 [42:12] Cén fáth a bhfuil tú buartha, a anam liom,

faoi mhíshuaimhneas istigh ionam?

Cuir do dhóchas i nDia; molfaidh mé go fóill é;

mo shlánaitheoir agus mo Dhia é.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn