Sailm
Urnaí a Iarraidh Treorú Dé
Do stiúrthóir an chóir. Le gaothuirlisí. Salm le Dáiví.
5 [5:2] Tabhair cluas do mo bhriathar, a Thiarna,
agus éist le m’osna.
2 [5:3] Claon chun glór mo ghuí,
a Rí liom is a Dhia!
3 [5:4] Óir is chugatsa a chuirim m’urnaí, a Thiarna;
éisteann tú liom ar maidin.
Ag faire is ag feitheamh dom ar maidin,
cuirim chugat mo ghuí.
4 [5:5] Ní Dia tú lenarb áil an urchóid:
ní mhaireann an t-olc leat.
5 [5:6] Ní sheasfaidh an scaothaire an fód
os comhair do shúl.
6 [5:7] Is gráin leat lucht oibrithe an oilc;
scriosann tú lucht éithigh.
Is fuath leis an Tiarna an fear fuilteach
agus an cealgaire claon.
7 [5:8] Rachadsa cheana i do theachsa
trí líonmhaire do thrócaire;
cromfaidh mé i do theampall naofa
le heagla romhat, a Thiarna.
8 [5:9] Treoraigh mé a Thiarna, i d’fhíréantacht
mar gheall ar mo naimhde;
réitigh do shlí romham.
9 [5:10] Níl an fhírinne le fáil ina mbéal;
tá cealg ina gcroí.
Is uaigh ar leathadh a gcraos;
is mealltach a dteanga.
10 [5:11] Agair do bhreithiúnas orthu, a Thiarna;
go dteipe ar a mbearta;
cuir an ruaig orthu de dheasca a gcionta
óir d’éirigh siad i d’éadan.
11 [5:12] Bíodh áthas ar chách a ritheann chugat;
gairdídís go brách;
caomhnaigh an dream lenarb áil d’ainm
chun go ndéana siad gairdeas ionat.
12 [5:13] Óir beannóidh tú an fíréan, a Thiarna;
beidh do chineáltas amhail sciath ina thimpeall.