Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Salm 51
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
  • 16
  • 17
  • 18
  • 19
An Bíobla Naofa
Salm 51:1-19

Sailm

Aithrí agus Croíbhrú an Pheacaigh

Do stiúrthóir an chóir. Salm Dháiví, [51:2] an uair a tháinig Nátán fáidh chuige tar éis do [Dháiví] peaca a dhéanamh le Baitseaba.

51 [51:3] Déan trócaire orm, a Dhia, de réir do bhuanghrá:

cealaigh mo choir as iomad do thrua.

2 [51:4] Nigh go huile mé ó mo chion,

agus déan mo pheaca a ghlanadh díom.

3 [51:5] Óir aithním mo chionta go maith

agus tá mo pheaca os mo chomhair i gcónaí.

4 [51:6] Is ortsa amháin a pheacaigh mé;

an ní is olc i do láthair a rinne mé.

Ionas go mba léir gur ceart é do bhreith

agus go dtugann tú breithiúnas gan locht.

5 [51:7] Ach féach gur rugadh faoi chion mé

agus gur gineadh i mbroinn mo mháthar faoi pheaca mé.

6 [51:8] Féach, is geal leat an croí dílis,

agus i mo lár istigh múineann tú eagna dom.

7 [51:9] Croith orm hiosóip agus glanfar mé;

nigh mé agus is gile mé ná an sneachta.

8 [51:10] Lig dom an gairdeas agus an t-áthas a chloisteáil,

agus beidh lúcháir ar na cnámha a bhrúigh tú.

9 [51:11] Iompaigh do ghnúis ó mo pheacaí

agus cealaigh mo chionta go léir.

10 [51:12] Cruthaigh ionam croí glan, a Dhia,

agus cruthaigh spiorad daingean as an nua ionam.

11 [51:13] Ná díbir amach as do radharc mé

agus ná beir do naomhspiorad uaim.

12 [51:14] Tabhair ar ais dom áthas do shlánaithe

agus tabhair spiorad na díograise mar thaca dom.

13 [51:15] Múinfidh mé do shlite do lucht na hurchóide

agus fillfidh na peacaigh ar ais chugat.

14 [51:16] Saor mé ó choir na fola,

a Dhia, a Dhia mo shlánaitheoir,

agus mórfaidh mé le mo theanga do cheartas.

15 [51:17] A Thiarna, oscail mo bheola,

agus fógróidh mo bhéal do mholadh.

16 [51:18] Óir ní bhfaigheann tú taitneamh in íobairt

agus an loiscíobairt a dhéanfainn ní ghlacfá.

17 [51:19] M’íobairtse, a Dhia, an croí aithríoch;

ní eiteoidh tú, a Dhia, croí brúite uiríseal.

18 [51:20] Bí fial le Síón, as ucht do mhaitheasa, a Thiarna,

ionas go dtógfaí ballaí Iarúsailéim as an nua.

19 [51:21] Glacfaidh tú ansin le híobairtí na fíréantachta,

le hofrálacha agus le híobairtí uileloiscthe:

ansin ofrálfar mairt chugat ar d’altóir.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn