Sailm
Na hAmadáin
Do stiúrthóir an chóir. Leis an bhfonn “Mahalat”. Mascil Dháiví.
53 [53:2] Deir an t-amadán ina chroí:
“Níl aon Dia ann.”
Tá siad truaillithe; déanann siad gníomhartha gránna;
níl aon duine maith ann.
2 [53:3] Breathnaíonn an Dia ó neamh
ar chlann na ndaoine
go bhfeice sé an bhfuil tuiscint ag aon duine
nó an iarrfaidh sé Dia.
3 [53:4] Chuaigh siad uile ar seachrán;
truaillíodh iad uile,
níl neach ann a dhéanfadh an mhaith,
níl oiread is duine.
4 [53:5] An ea nach bhfuil ciall ag lucht an oilc?
Slogann siad mo phobal
go díreach mar a shlogfaí arán.
Ní ghlaonn siad ar Dhia.
5 [53:6] Beidh siad ar crith le heagla
gan aon chúis eagla acu.
Óir scaip Dia cnámha do lucht ionsaithe;
tugadh a náire agus dhiúltaigh Dia dóibh.
6 [53:7] Á, go dtaga slánú Iosrael as Síón amach!
Nuair a chasfaidh an Tiarna an rath ar a phobal
beidh áthas ar Iacób agus gairdeas ar Iosrael.