Sailm
Saor mé ó lucht doirte Fola
Do stiúrthóir an chóir. Leis an bhfonn “Ná scrios”. Mictam Dháivi nuair a chuir Sól fir uaidh a dhéanamh faire ar a theach d’fhonn é a mharú.
59 [59:2] Fuascail mé ó mo naimhde, a Dhia,
cosain mé ar a n-éiríonn i m’éadan.
2 [59:3] Fuascail mé ó lucht déanta na hurchóide
agus saor mé ó lucht doirte fola.
3 [59:4] Féach! téann siad in oirchill ar m’anam;
déanann na cumhachtaigh cogar ceilge i mo choinne;
gan choir gan chion uaimse, a Thiarna,
4 [59:5] tugann siad sciuird fúm gan peaca de mo thaobhsa.
Bí i do dhúiseacht! tar i gcabhair orm agus féach leat!
5 [59:6] Dia Iosrael thú, agus Tiarna na Slua.
Éirigh agus smachtaigh na ciníocha,
ná bíodh trua agat do lucht fill agus comhcheilge.
Selah
6 [59:7] Filleann siad gach tráthnóna ar nós madraí
ag sceamhaíl agus ag triall timpeall na cathrach.
7 [59:8] drannaíonn siad lena mbéal agus scaimh orthu,
agus iad ag fiafraí dá chéile: “Cé a chluinfidh sinn?”
8 [59:9] Bíonn tusa, a Thiarna, ag gáire fúthu,
is beag leat na náisiúin go léir.
9 [59:10] Is duitse a thabharfaidh mé moladh
óir is tú mo Dhia is mo dhaingean.
10 [59:11] Go dtaga mo Dhia i gcabhair orm lena bhuanghrá
agus dearcfaidh mé go buach ar mo naimhde.
11 [59:12] Ná lig dóibh, sula mbainfeadh dearmad de mo phobal;
déantar a dtreascairt is a leagan ar lár,
a Thiarna, ós tú is sciath dúinn!
12 [59:13] In éiric pheacaí a mbéal is a mbruas,
i gcúiteamh a mallachtaí is a mbréag
go mbeirtear orthu ina n-uabhar.
13 [59:14] Scrios iad le corp feirge, a Thiarna,
scrios iad nó go rachaidh siad ar ceal.
Bíodh a fhios acu go bhfuil Dia i réim
ar Iacób agus ar chríocha na cruinne.
Selah
14 [59:15] Filleann siad gach tráthnona ar nós madraí
ag sceamhaíl agus ag triall timpeall na cathrach;
15 [59:16] gabhann siad anonn is anall ar thóir bia,
ag drannaíl dóibh mura bhfaigheann siad a sáith.
16 [59:17] Comórfaidh mise do chumhacht le cantaireacht
agus gairdeoidh mé i do bhuanghrá le breacadh lae;
óir ráinig tú i do dhaingean agamsa
agus i do dhídean dom ar uair na hanacra.
17 [59:18] Mo neart thú! is duitse a chanfaidh mé,
óir is tú, a Thiarna, mo dhaingean,
an Dia a thálann a bhuanghrá orm.