Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Salm 72
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
  • 16
  • 17
  • 18
  • 19
  • 20
An Bíobla Naofa
Salm 72:1-20

Sailm

Ríocht an Mheisias

[Salm] Sholaimh.

72 Bronn do bhreithiúnas, a Dhia, ar an rí,

agus d’fhíréantacht ar mhac an rí;

2 chun go dtuga sé ceartbhreithiúnas ar a phobal

agus cothrom do dhaoine bochta.

3 Go n-iompraí na sléibhte síocháin don phobal

agus na cnoic fíréantacht.

4 Go ndéana sé cosaint ar dhaoine ísle an phobail;

go saora sé clann na mbocht,

agus go mbrú sé lucht daorsmachta.

5 Go maire sé mar an ghrian agus an ghealach;

ó aois go haois;

6 mar fhearthainn ar an bhfód féir ghlais;

mar cheathanna ar an talamh.

7 Go mblátha síocháin agus fíréantacht lena linn

nó go meathfaidh an ghealach.

8 Go raibh a réim ó mhuir go muir;

ón Abhainn Mhór go críocha na cruinne.

9 Titfidh a naimhde ina láthair;

lífidh siad an luaithreach.

10 Tiocfaidh ríthe Thairsís agus na nInsí,

ag triall air le tabhartais.

Tabharfaidh ríthe na hAráibe agus Seaba

bronntanais chuige.

11 Cromfaidh an uile rí go talamh ina láthair;

déanfaidh gach cine fónamh dó.

12 Óir saorfaidh sé an bocht nuair a ghlaofaidh sé air;

agus an donán gan chúnamh.

13 Beidh trua aige don lag is don bhocht,

agus sábhálfaidh an duine dealbh.

14 Saorfaidh sé a n-anam ón bhfeall is ón bhforéigean;

óir is luachmhar leis a bhfuil.

15 Go maire sé i bhfad

is go mbronntar air ór na hAráibe.

Beifear ag guí ar a shon i gcónaí;

á bheannachadh ar feadh an lae.

16 Go raibh flúirse arbhair sa tír

go mullach na sléibhte.

Go raibh seordán a thoradh amhail an Liobáin

agus lucht na gcathracha faoi bhláth

mar fhéar ar an talamh.

17 Go moltar a ainm go brách,

fad a bheidh an ghrian ann.

Is tríd a bheannófar gach treibh;

beidh gach cine á mholadh.

18 Moladh leis an Tiarna, Dia Iosrael,

an tAon amháin a dhéanann éachtaí.

19 Go moltar a ainm glórmhar go brách;

go líona a ghlóir an talamh.

Amen! Amen!

20 Críochnaítear leis seo moltaí Dháiví.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn