Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Salm 77
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
  • 16
  • 17
  • 18
  • 19
  • 20
An Bíobla Naofa
Salm 77:1-20

Sailm

Súil Siar

Don stiúrthóir. Dé réir Iduthun. Salm Ásáf.

77 [77:2] Glaoim ar Dhia os ard;

glaoim os ard i dtreo go n-éistfidh sé.

2 [77:3] Lorgaim an Tiarna in am mo bhuartha;

sínim mo lámha chuige gan sos ar feadh na hoíche,

agus diúltaíonn m’anam don sólás.

3 [77:4] Ligim osnadh is mé ag smaoineamh ar Dhia;

ar mo mharana dom is lag liom mo mheanma.

Selah

4 [77:5] Baineann tú codladh na hoíche de mo shúile;

ní fhéadaim labhairt le méad mo bhuartha.

5 [77:6] Smaoiním ar na laethanta a d’imigh;

is cuimhin liom na blianta fadó.

6 [77:7] Déanaim machnamh i mo chroí de shiúl oíche;

scrúdaím mé féin ó spiorad.

7 [77:8] An dtabharfaidh an Tiarna tarcaisne dúinn i gcónaí;

an ea nach mbeidh sé bámhar linn feasta?

8 [77:9] An bhfuil deireadh go deo lena ghrá dúinn;

an bhfuil a ghealltanas gan bhrí go brách?

9 [77:10] Ar thug Dia a thrua i ndíchuimhne;

ar bhuaigh an fhearg ar an taise aige?

Selah

10 [77:11] Dúirt mé: “Is é mo laige

a mheas gur chlaochlaigh deaslámh an Té is Airde.”

11 [77:12] Bím ag cuimhneamh ar oibreacha an Tiarna;

ar na hiontais a rinne tú fadó.

12 [77:13] Bím ag smaoineamh ar do ghníomhartha go léir;

déanaim machnamh ar d’éachtaí móra.

13 [77:14] Is naofa do shlí, a Thiarna;

cén Dia atá chomh mór lenár nDia-na?

14 [77:15] Is tú an Dia a dhéanann éachtaí;

thaispeáin tú do chumhacht do na ciníocha.

15 [77:16] Le do chuisle do cheannaigh tú do phobal;

clann Iacóib agus fós clann Iósaef.

Selah

16 [77:17] Thug na huiscí dá n-aire thú, a Dhia;

Thug siad dá n-aire thú agus ghlac siad eagla,

agus chrith na duibheagáin le barr sceimhle.

17 [77:18] Bhí na scamaill ag stealladh uisce anuas;

bhí na spéartha ag caitheamh toirní go torannach;

agus do shaigheada ag scinneadh de gach leith dínn.

18 [77:19] Bhí do thoirneach ag tormáil mórthimpeall

agus do splancacha ag soilsiú an tsaoil.

Corraíodh an talamh agus chrith sé.

19 [77:20] Bhí do shlí ar fud na farraige

agus do chosáin sna huiscí móra

bíodh nach raibh lorg do chos le feiceáil.

20 [77:21] Sheol tú do phobal mar thréad

le láimh Mhaois agus Árón.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn