Sailm
An Sanctóir Scriosta
Salm Ásáf.
79 A Dhia, tháinig na ciníocha isteach i do thír
agus rinne siad truailliú ar do theampall naofa;
scrios siad Iarúsailéim go ndearna carnán cloch di.
2 Thugadar mar an gcéanna corpáin do sheirbhíseach
chun bheith ina mbia ag éanlaith an aeir
agus feoil do chuid naomh d’ainmhithe allta na tíre.
3 Dhoirt siad a gcuid fola amhail uisce mórthimpeall Iarúsailéim;
agus ní raibh duine le fáil a chuirfeadh san uaigh iad.
4 Táimid mar ábhar aithise go dearfa ag ár gcomharsana;
is ceap magaidh agus scige sinn dá mbíonn inár dtimpeall.
5 Cá fhad, a Thiarna? An mbeidh tú i bhfeirg linn go deo?
Cá fhad a bheidh d’fhormad ar lasadh mar thine?
6 Lig amach do racht ar na ciníocha;
ar na ríochtaí nach bhfuil admháil acu ar d’ainm.
7 Óir is amhlaidh a d’alp siad Iacób;
agus rinne siad a áras cónaithe a scriosadh.
8 Ná leag orainne coireanna ár sean agus ár sinsear;
go dtaga do thrua inár ndáil gan mhoill
mar tá srathair na hainnise ag brú orainn go dóite.
9 A Dhia ar slánaithe, brostaigh chun ár gcúnaimh;
cuidigh linn ar mhaithe le glóir d’ainm féin.
Fuascail sinn agus maith dúinn ár bpeacaí as ucht d’ainm.
10 Cad fáth a ndeir na ciníocha: “Cá bhfuil a nDia?”
Gura follas do na ciníocha os comhair ár súl
go mbainfidh tú díoltas díobh in éiric fuil do sheirbhíseach a dhoirteadh.
11 Go dtaga i do láthair osnaí bróin na bpríosúnach;
agus go saora tú le do chumhacht an dream a daoradh chun báis.
12 Cúitigh, a Thiarna, faoi sheacht lenár gcomharsana;
an aithis urghránna a chas siad leatsa.
13 Ach sinne, do phobal agus caoirigh do pháirce,
tabharfaimid buíochas duit go brách na breithe;
agus foilseoímid do mholadh ó ghlúin go chéile.