Sailm
Féile an Fhómhair agus na hAthbhliana
Don stiúrthóir. Leis an bhfonn “Na Cantaoirí Fíona”. Le hÁsáf.
81 [81:2] Canaimis go meidhreach do Dhia ár neart;
tógaigí gártha gliondair do Dhia Iacóib.
2 [81:3] Cromaigí ar an gceol agus buailigí an tiompán,
an bhinnchruit chaoin agus an chláirseach.
3 [81:4] Séidigí an stoc le linn na gealaí úire,
nuair is lán don ghealach, lá na féile.
4 [81:5] Óir is bunreacht in Iosrael é;
is reacht é de reachtanna Dia Iacóib
5 [81:6] a d’achtaigh an dlí seo do Iósaef
nuair a ghabh sé amach in aghaidh na hÉigipte.
6 [81:7] Teanga nárbh aithnid dom a chuala mé:
“Thug mé faoiseamh dá ghualainn ón ualach
agus fuasclaíodh a lámha ón gcliabh.
7 [81:8] Ghlaoigh tú orm in am an bhuairimh agus shaor mé thú;
thug mé freagra ort as néal na doininne;
rinne mé do thástáil ag uiscí Mhiríbeá.
Selah
8 [81:9] Éistigí, a phobal liom, tabharfaidh mé comhairle daoibh;
monuar nach n-éisteann tú liom, a Iosrael!
9 [81:10] Ná bíodh aon dia deoranta in bhur measc;
ná déanaigí dia eachtrannach a adhradh.
10 [81:11] Mise an Tiarna, bhur nDia,
a sheol sibh as tír na hÉigipte;
oscail do bhéal go fairsing agus líonfaidh mé é.
11 [81:12] Ach ní éistfeadh mo phobal le mo ghlór;
níorbh áil le hIosrael bheith umhal dom.
12 [81:13] Thug mé suas iad do mhianta a gcroí;
chun cibé ní ab áil leo a dhéanamh.
13 [81:14] Dá mb’áil le mo phobal éisteacht liom;
dá siúlfadh Iosrael i mo shlite,
14 [81:15] chuirfinn a naimhde faoi chois gan mhoill;
agus dhéanfainn a n-eascairde a threascairt.
15 [81:16] Bheadh lucht fuatha an Tiarna ag lútáil leis;
ach bheidís faoi bhroid go brách.
16 [81:17] Bheathóinn [Iosrael] le scoth na cruithneachta;
agus líonfainn é le mil as an gcarraig.”