Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Salm 88
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
  • 16
  • 17
  • 18
An Bíobla Naofa
Salm 88:1-18

Sailm

Faoi Bhráca an Bhróin

Amhrán: Salm de chuid chlann Chorach. Don stiúrthóir. Leis an bhfonn “Mahalat”. Mascil Heman an dúchasach.

88 [88:2] A Thiarna Dia, bím ag éamh ort de lá;

bím ag caoineadh istoíche os do chomhair.

2 [88:3] Go dtaga mo ghuí ag triall ort;

claon do chluas chun mo ghlóir.

3 [88:4] Óir tá m’anam lánualaithe le buarthaí;

tá mo bheatha ag druidim leis an uaigh.

4 [88:5] Áirítear mé ar an drong a ghabhann sa pholl;

agus ráinig mé mar neach gan neart;

5 [88:6] mar dhuine ina aonar i measc na marbh,

amhail an t-ár ina luí san uaigh,

atá imithe as do chuimhne go brách,

agus atá scartha le do chúram caomhnaitheach.

6 [88:7] Chuir tú go domhain san uachais mé,

in íochtar an duibheagáin dhorcha.

7 [88:8] Luíonn do dhíbheirg go trom orm;

tá mé báite faoi do thonnta go léir.

8 [88:9] Chuir tú mo chairde i bhfad uaim;

thug tú orthu déistin a ghlacadh liom.

Táim faoi ghlas is ní féidir liom éalú;

9 [88:10] tá mo shúile ag meirtniú le téann buartha.

Bím ag éamh ort gach aon lá, a Thiarna;

is chugat a shínim mo lámha.

10 [88:11] An ndéanfaidh tú éachtaí do na mairbh?

an éireoidh na neamhbheo do do mholadh?

11 [88:12] An bhfógrófar do ghrá san uaigh,

nó do dhílseacht i measc na marbh?

12 [88:13] An bhfoilseofar d’éachtaí sa dorchacht;

agus d’fhíréantacht i dtír na díchuimhne?

13 [88:14] Is ort a bhím ag éamh, a Thiarna,

is chugat a thagann m’urnaí ar maidin.

14 [88:15] Cad chuige duit m’anam a ruaigeadh?

cad fáth a bhfolaíonn tú d’aghaidh orm?

15 [88:16] Tá mé i m’ainniseoir, i riocht bháis ó m’óige;

scanraigh mé romhat gur traochadh mo neart.

16 [88:17] Tháinig do dhíbheirg orm anuas,

agus rinne do sceimhle mo scriosadh.

17 [88:18] Bíonn siad i mo thimpeall de shíor amhail tuile;

tagann siad uile i mo thimpeall in éineacht.

18 [88:19] Sciob tú uaim mo chara agus mo chomharsa;

is í an dorchacht mo chompánachsa feasta.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn