Sailm
Altú Buíochais
Do stiúrthóir an chóir. Leis an bhfonn “Muth Labben”. Salm le Dáiví.
9 [9:2] Béarfaidh mé buíochas duit, a Thiarna, ó mo chroí, go hiomlán,
inseoidh mé do mhóréachtaí go léir.
2 [9:3] Déanfaidh mé lúcháir agus gairdeas ionat,
canfaidh mé Salm do d’ainm, a Neach is Airde,
3 [9:4] toisc gur cuireadh mo naimhde ar gcúl;
thuisligh siad agus cailleadh iad i d’fhianaise.
4 [9:5] Óir phléigh tú mo chúis go cothrom,
I do shuí duit ar an mbinse i do bhreitheamh cóir.
5 [9:6] Lochtaigh tú na ciníocha, dhamnaigh tú na héagráifigh;
scrios tú a n-ainm go brách na breithe.
6 [9:7] Tá na naimhde arna gcloí, arna milleadh go deo;
leag tú a gcathracha ar lár; chuaigh a gcuimhne ar ceal.
7 [9:8] Tá an Tiarna faoi réim go brách;
shocraigh sé a chathaoir a thabhairt breithiúnas.
8 [9:9] Tugann sé breith ar an gcruinne go cóir,
agus ceart do na ciníocha go cothrom.
9 [9:10] Tá an Tiarna ina dhaingean dá mbíonn faoi chois,
ina dhaingean in am na hiaróige;
10 [9:11] Cuireann do lucht aitheantais a ndóchas ionat
óir ní thréigeann tú do lucht iarrtha, a Thiarna.
11 [9:12] Canaigí don Tiarna a bhfuil cónaí air i Síón:
foilsígí a éachtaí do na náisiúin;
12 [9:13] óir chuimhnigh an díoltasaí fola orthu,
ní dhearna dearmad ar éamh na mbocht.
13 [9:14] Déan trócaire orm, a Thiarna; féach a bhfulaingím;
d’ardaigh tú ó dhoirse an bháis mé,
14 [9:15] d’fhonn go bhfoilsí mé do mholtaí go léir
ag doirse iníne Síón
agus go ndéana mé lúcháir i do shlánú.
15 [9:16] Tá na ciníocha slogtha síos sa chlais a rinneadar féin:
sa líon a d’fholaigh siad féin a gabhadh a gcosa.
16 [9:17] Nocht an Tiarna é féin ina bhreitheamh cóir:
tá beirthe ar na héagráifigh ina mbearta féin.
17 [9:18] Rachaidh na peacaigh ar ais go Seól –
na náisiúin uile a rinne dearmad de Dhia.
18 [9:19] Óir ní dhéanfar dearmad de lucht an ghátair i gcónaí;
ní go deo a rachaidh dóchas na mbocht in éag.
19 [9:20] Éirigh, a Thiarna! ná lig an bua leis an duine:
tugtar breith ar na ciníocha i d’fhianaise.
20 [9:21] Scanraigh an croí iontu, a Thiarna;
bíodh a fhios acu nach bhfuil iontu ach daoine.
Selah