Sailm
AN CEATHRÚ LEABHAR
Síoraíocht Dé agus Díomuaine an Duine
Achainí Mhaois, giolla Dé.
90 A Thiarna, is tú ba thearmann dúinn,
ár ndídean ó ghlúin go glúin.
2 Ó thosach sular saolaíodh na sléibhte,
sular rugadh an talamh agus an chruinne,
is tú Dia gan tús gan deireadh.
3 Déanann tú deannach arís den duine
á rá: “Ar ais libh, a Ádhamhchlann.”
4 Óir níl míle bliain i d’fhianaise
ach mar an lá a d’imigh tharainn inné,
nó mar a bheadh faire na hoíche.
5 Sciobann tú chun siúil iad amhail aisling,
nó mar fhéar úrghlas na maidine.
6 Eascraíonn sé ar maidin agus bláthaíonn sé
baintear é agus feonn sé um thráthnóna.
7 Táimid dár gcnaí go dearfa le d’fhearg;
scanraítear sinn le dásacht do dhíbheirge.
8 Chuir tú ár n-urchóidí os do choinne,
ár bpeacaí folaithe faoi sholas do ghnúise.
9 Gabhann ár laethanta tharainn is tú i bhfeirg linn;
cuirtear deireadh lenár mblianta amhail osna.
10 Seachtó bliain suim ár saolré;
nó ceithre fichid má fhaighimid ár sláinte.
Saothar agus stró a sealsan;
imíonn siad ar luas agus bíonn deireadh linn.
11 Cé a chuimhníonn ar chumhacht do chuid feirge;
cé a mbíonn eagla air roimh neart do bhuile?
12 Múin dúinn giorra shaoil an duine
chun go bhfaighimid críonnacht inár gcroí.
13 Fill orainn; cá fhad a bheidh tú feargach?
Déan trócaire ar do shearbhóntaí, a Thiarna.
14 Tabhair ár sáith de do bhuanghrá ar maidin dúinn,
go mbeidh áthas orainn agus gairdeas go deo.
15 Déan lúcháireach sinn i ndíol ar imir tú de bhuairt orainn;
i ndíol na mblianta ina bhfacamar an t-olc.
16 Taispeáin do bhearta do do sheirbhísigh;
agus do chlú is do chumhacht do do chlann.
17 Go dtaga grásta ár dTiarna Dia anuas orainn
agus go soirbhí tú saothar ár lámh;
sea, go soirbhí tú saothar ár lámh!