Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Salm 92
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
An Bíobla Naofa
Salm 92:1-15

Sailm

An Ceart Diaga

Salm. Amhrán le haghaidh na Sabóide.

92 [92:2] Is maith é buíochas a thabhairt don Tiarna,

agus ceol a dhéanamh do d’ainm, a Neach is Airde,

2 [92:3] d’fhonn do bhuanghrá a fhógairt ar maidin,

agus do dhílse i dtráthanna na hoíche,

3 [92:4] le ceol na cruite agus na cláirsí;

mar aon le ceadal na lire.

4 [92:5] Óir chuir do ghníomhartha áthas orm, a Thiarna;

déanaim gairdeas in oibreacha do lámh.

5 [92:6] Nach éachtach iad d’oibreacha, a Thiarna!

nach domhain iad go dearfa do smaointe!

6 [92:7] Ní aithníonn fear na díchéille,

ná ní thuigeann an t-amadán an ní seo.

7 [92:8] Cé go n-eascraíonn na héagráifigh mar fhéar,

agus go mbíonn na hainbheartaigh faoi bhláth,

8 [92:9] níl i ndán dóibh ach léirscrios go brách;

ach is tusa, a Thiarna, an Neach is Airde de shíor.

9 [92:10] Óir scriosfar do naimhde, sea do naimhde, a Thiarna,

agus scaipfear na hurchóidigh go léir.

10 [92:11] Thug tú dom neart an daimh allta,

agus dhoirt tú ola úr orm anuas.

11 [92:12] D’fhéach mo shúile go buach ar mo naimhde;

chuala mo chluasa dea-scéala a dtreascartha.

12 [92:13] Beidh na fíréin faoi bhláth mar chrann pailme;

fásfaidh siad mar chéadras na Liobáine.

13 [92:14] Arna bplandú in áras an Tiarna dóibh,

beidh siad faoi mhaise i gcúirteanna Dé.

14 [92:15] Tabharfaidh siad toradh uathu fiú amháin nuair is críon dóibh,

agus iad go húrghlas i gcónaí,

15 [92:16] a fhoilsiú a fhíréanta is atá an Tiarna;

mo charraig é, gan mí-ionracas ar bith ann.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn