Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Eaxodus 11
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
An Bíobla Naofa
Eaxodus 11:1-10

Eaxodus

11 Dúirt an Tiarna le Maois: “Tá aon phlá amháin eile agam le cur ar Fhorann agus ar an Éigipt; ligfidh sé daoibh imeacht as seo ina dhiaidh sin; nuair a ligfidh sé daoibh imeacht tiomáinfidh sé chun siúil ar fad sibh. 2 Labhair anois i gcomhchlos an phobail á rá leo go n-iarrfadh gach fear ar a chomharsa, agus gach bean ar a comharsa-sa, seoda airgid agus óir.” 3 Thug an Tiarna fabhar don phobal i súile na nÉigipteach; agus Maois féin, ba dhuine mór le rá é i gcríocha na hÉigipte, i súile shearbhóntaí Fhorainn agus an phobail. 4 Dúirt Maois: “Seo mar a deir an Tiarna: Rachaidh mé thart ar fud na hÉigipte i lár na hoíche. 5 Gheobhaidh gach céadghin i dtír na hÉigipte bás, ó chéadghin Fhorainn, oidhre a chorónach, go céadghin na daoirsí ar chúl an mhuilinn; agus céadghin gach beithígh. 6 Beidh racht olagóin chomh tréan sin ar fud na hÉigipte ar fad nár chualathas a leithéid riamh roimhe sin agus nach ndéanfar go brách arís. 7 Ach ní thabharfaidh oiread agus madra sceamh ar aon duine de chlann Iosrael sa chás go mbeidh a fhios agaibh conas mar a dhéanann an Tiarna idirdhealú idir mhuintir na hÉigipte agus chlann Iosrael. 8 Ansin tiocfaidh na searbhóntaí seo go léir agat ag triall orm agus sléachtfaidh siad dom á rá: ‘Amach leat, agus leis an bpobal go léir a leanann thú!’ Ansin imeoidh mé amach.” Agus ghabh Maois amach ó láthair Fhorainn agus é ar lasadh le fearg. 9 Ansin dúirt an Tiarna le Maois: “Ní éisteoidh Forann leat i dtreo go méadófar ar mo mhíorúiltí i dtír na hÉigipte.” 10 Rinne Maois agus Árón na míorúiltí seo go léir i láthair Fhorainn, ach chruaigh an Tiarna croí Fhorainn agus níor lig sé do chlann Iosrael dul amach as a chríocha.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn