Eaxodus
31 Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt: 2 Féach! Roghnaigh mé ó ainm Bazalael mac Úirí mac Húr de threibh Iúdá, 3 agus líon mé é le spiorad Dé, le cumas agus le héirim, le heolas agus le gach sórt ceardaíochta 4 i gcomhair dearadh agus saothar in ór agus in airgead agus i gcré-umha, 5 i gcomhair seoda a ghearradh dá leaba, adhmad a shnoí, agus gach saghas saothar ceirde. 6 Agus seo anois mé ag tabhairt páirtí dó—Ohoilíáb mac Aichíosámác de threibh Dhán; agus gach duine ina bhfuil éirim, chuir mé breis di ann, i dtreo go ndéanfaidís gach ar ordaigh mé duit: 7 Both na Teagmhála, áirc na Fianaise, cathaoir na trócaire os a cionn, agus troscán uile an taibearnacail, 8 an bord agus a ghréithe, an coinnleoir glan lena ghréithe uile, altóir na túise, 9 agus altóir na hofrála loiscthe lena gréithe go léir, agus an t-umar gona bhonn, 10 agus na héidí dea-mhaisithe—na héidí naofa d’Árón an sagart agus na héidí dá mhic—i gcomhair a seirbhísí sagairt, 11 agus an criosma agus an túis chumhra don áit naofa. Déanfaidh siad gach ar ordaigh mé duit.”
12 Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt: 13 “Labhair le clann Iosrael agus abair: ‘Coimeádaigí mo shabóidí óir is comhartha idir mise agus sibhse an tsabóid ó ghlúin go glúin i dtreo go mbeadh a fhios agaibh gur mise, an Tiarna, a naomhaíonn sibh. 14 Ní foláir daoibh an tsabóid a choimeád, dá réir sin; bíodh sí naofa agaibh. An té a bhriseann í, cuirfear chun báis é; aon duine a dhéanann saothar ar an tsabóid, déanfar é a ionnarbadh óna phobal. 15 Beidh obair á déanamh ar feadh sé lá, ach ní foláir an seachtú lá a choimeád ina lá saoire ar fad, sabóid choisricthe don Tiarna. An té a dhéanann obair ar an tsabóid, ní foláir é a chur chun báis. 16 Coimeádfaidh clann Iosrael an tsabóid, á cleachtadh ó ghlúin go glúin, mar chonradh síoraí. 17 Is comhartha í go brách, idir mé agus clann Iosrael, go ndearna an Tiarna neamh agus talamh i sé lá, ach ar an seachtú lá gur scoir sé agus gur lig a scíth.’”
18 Nuair a bhí deireadh ráite aige le Maois ar Shliabh Shíonái, thug sé do Mhaois dhá chlár na Fianaise, leaca cloiche ar ar scríobhadh le méar Dé.