Eaxodus
33 Dúirt an Tiarna le Maois: “Fág an áit seo; imigh leat, tú féin agus an pobal a thug tú amach as tír na hÉigipte, agus téigh chun na tíre a mhionnaigh mé d’Abrahám, d’Íosác agus do Iacób leis na focail: ‘Tabharfaidh mé do do shíol é.’ 2 Agus seolfaidh mé aingeal romhat, agus tiomáinfidh mé amach na Canánaigh, na hAmóraigh, na Hitigh, na Pirizigh, na Hivigh, agus na Iabúsaigh. 3 Ar aghaidh leat chun na tíre mar a bhfuil bainne agus mil ina slaoda. Ní rachaidh mise féin in éineacht libh—óir is ceanndána an pobal sibh—le heagla go scriosfainn sibh ar an mbealach.” 4 Ar chlos na cainte boirbe sin, rinne an pobal caoineadh, agus ní chaithfeadh aon duine a chuid ornáidí.
5 Ansin dúirt an Tiarna le Maois: “Abair le clann Iosrael: ‘Is ceanndána an pobal sibh. Dá mbeinn ag dul in éineacht libh fiú nóiméad, scriosfainn sibh. Cuir uait d’ornáidí dá bhrí sin go bhfeice mé conas déileáil leat!’” 6 Ó Shliabh Horaeb ar aghaidh dá bhrí sin, chuir clann Iosrael uathu a n-ornáidí.
7 Bheireadh Maois an Bhoth leis agus chuireadh sé suas í taobh amuigh den champa, tamall maith ón gcampa. Thug sé Both na Teagmhála uirthi. An té a chaitheadh comhairle an Tiarna a fháil, théadh sé amach go Both na Teagmhála, lasmuigh den champa. 8 Cibé uair a théadh Maois amach chun na Botha, d’éiríodh an pobal go léir, agus sheasadh gach fear ag béal a bhotha agus a shúile ar Mhaois go dtí go sroicheadh sé an Bhoth. 9 Nuair a théadh Maois isteach sa Bhoth, thagadh an colún néil anuas agus sheasadh ag doras na Botha, agus labhraíodh an Tiarna le Maois. 10 Nuair a d’fheiceadh an pobal an colún néil ina sheasamh ag doras na Botha, d’éiridís ina seasamh agus shléachtaidís go talamh, gach fear ag béal a bhotha féin. 11 Labhraíodh an Tiarna le Maois aghaidh ar aghaidh, mar a dhéanann fear le cara. Ansin d’fhilleadh Maois ar an gcampa, ach Iósua, mac Húr, a shearbhónta ógfhir, ní fhágadh sé an Bhoth.
12 Dúirt Maois leis an Tiarna: “Féach, deir tú liom: ‘Cuir an pobal ag bogadh ar aghaidh,’ ach ní insíonn tú dom cé a chuirfidh tú in éineacht liom. Dúirt tú féin más ea: ‘Is aithnid dom thú ó ainm, agus fuair tú fabhar i mo láthair.’ 13 Uime sin, má fuair mé fabhar i do láthair, nocht dom do bhealaí d’fhonn go dtuigfinn thú agus go dtuillfinn do ghnaoi. Cuimhnigh air chomh maith, gurab é an cine seo do phobal féin.” 14 D’fhreagair sé: “Rachaidh mo láithreacht in éineacht leat agus tabharfaidh mé suaimhneas duit.” 15 Agus dúirt [Maois] leis: “Mura dtéann do láithreacht in éineacht liom, ná beir suas ón áit seo sinn. 16 Óir conas a bheidh a fhios go bhfuair mé, mé féin agus do phobal, fabhar i do láthair, mura dtéann tú in éineacht linn? Leis seo a dhealófar sinn, mise agus do phobal, ó gach cine eile dá bhfuil ar dhroim na talún.” 17 Agus dúirt an Tiarna le Maois: “Déanfaidh mé díreach mar a dúirt tú; óir fuair tú fabhar i mo láthair agus is aithnid dom thú ó ainm.”
18 Dúirt Maois: “Taispeáin dom do ghlóir, achainím ort.” 19 Agus d’fhreagair sé: “Seolfaidh mé mo mhaitheas go léir thar bráid os do chomhair, agus fógróidh mé m’ainm, an Tiarna, romhat; beidh mé fabhrach don té is rogha liom, agus beidh mé trócaireach don té is rogha liom. 20 Ach ní féidir duit mo ghnúis a fheiceáil,” ar sé “óir ní féidir do dhuine mé a fheiceáil agus maireachtáil dá éis sin.” 21 Agus lean air: “Seo áit taobh liom mar ar féidir duit seasamh ar an gcarraig, 22 agus fad a ghabhann mo ghlóir thar bráid, cuirfidh mé thú i scoilt den charraig agus clúdóidh mé thú le mo láimh go mbeidh mé imithe thar bráid. 23 Ansin tógfaidh mé mo lámh chun siúil agus feicfidh tú mo chúl; ach mo ghnúis ní fheicfear.”