Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Eaxodus 5
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
  • 16
  • 17
  • 18
  • 19
  • 20
  • 21
  • 22
  • 23
An Bíobla Naofa
Eaxodus 5:1-23

Eaxodus

5 Ansin chuaigh Maois agus Árón go Forann agus dúirt leis: “Seo mar a deir an Tiarna Dia Iosrael: ‘Lig do mo phobal imeacht go ndéanfaidh siad ceiliúradh domsa san fhásach.’” 2 Ach dúirt Forann: “Cé hé an Tiarna seo go n-éistfinnse lena ghlór agus Iosrael a ligean chun siúil? Táim dall ar an Tiarna agus ní ligfidh mé Iosrael chun siúil.” 3 “Tháinig Dia na nEabhrach an treo chugainn,” ar siad; “tabhair cead dúinn aistear trí lá a dhéanamh isteach san fhásach chun íobairt a dhéanamh don Tiarna ár nDia le heagla go dtiocfadh sé sa mhullach orainn le plá nó le faobhar claímh.” 4 Dúirt rí na hÉigipte leo: “A Mhaois agus a Árón, cad chuige daoibh an pobal a bhreith óna saothar. Téigí i mbun bhur gcuid oibre!” 5 Agus lean Forann air: “Seo iad pobal na tíre dulta i líonmhaire agus an áil libh saoire a thabhairt dóibh ona saothar?”

6 An lá ceannann céanna sin thug Forann ordú do shaoistí saothair an phobail agus do na maoir: 7 “Ná tugaigí tuí don phobal feasta chun na brící a dhéanamh, rud a dhéanadh sibh—téidís agus cruinnídís tuí dóibh féin. 8 Ach an líon brící a dhéanaidís go dtí seo, bíodh sin de thasc agaibh orthu, gan aon laghdú ar bith air. Díomhaointeas atá orthu; uime sin a ghlaonn siad: ‘Téanaigí agus déanaimis íobairt chun ár nDé.’ 9 Cuirtear breis oibre ar na fir seo i dtreo go gcaithfidh siad luí léi agus gan a bheith ag cur spéise i mbriathra baotha.”

10 Chuaigh saoistí saothair an phobail agus na maoir amach agus dúradar leis an bpobal: “Seo mar a deir Forann: ‘Ní thabharfaidh mé tuí daoibh. 11 Imígí féin agus cruinnígí tuí daoibh féin cibé áit ina mbeidh fáil agaibh uirthi. Ach ní lúide aon phioc bhur dtasc an méid sin.’” 12 Amach leis an bpobal ar fud chríocha na hÉigipte ag bailiú coinlíní le haghaidh tuí. 13 Luigh na saoistí orthu á rá: “Comhlíonaigí bhur saothar, bhur dtasc lae, faoi mar nuair a bhí soláthar tuí ann daoibh.” 14 Agus na maoir a cheap na saoistí saothair os cionn chlann Iosrael, sciúrsáladh iad agus fiafraíodh díobh: “Cén fáth nach bhfuil líon bhur dtasc de bhrící déanta agaibh inné ná inniu mar a bhíodh cheana?” 15 Maoir chlann Iosrael, chuadar go Forann agus rinneadar gearán: “Cad chuige a gcaitheann tú mar sin le do shearbhóntaí?” ar siad. 16 “Níl aon tuí á soláthar do do shearbhóntaí, ach liútar éitear orainn: ‘Déanaigí brící!’ Agus seo anois do shearbhóntaí á sciúrsáil, ach [is ar] do mhuintir féin an locht.” 17 “Díomhaointeas agus a thuilleadh den díomhaointeas atá oraibh,” ar sé. “Uime sin a deir sibh: ‘Téanaigí agus déanaimis íobairt don Tiarna.’ 18 Imígí libh dá bhrí sin agus téigí i mbun bhur saothair. Ní bhfaighidh sibh tuí ar bith, ach caithfidh sibh an líon céanna brící a chur ar fáil.” 19 Is maith a bhí a fhios ag maoir chlann Iosrael gurbh olc an áit ina rabhadar agus é á rá leo: “Ní dhéanfaidh sibh laghdú ar bith ar líon bhur mbrící in aghaidh an lae.” 20 Ar an tslí amach dóibh ó láthair Fhorainn bhuail siad le Maois agus Árón a bhí ag feitheamh leo; 21 agus dúradar leo: “Go bhféacha an Tiarna anuas oraibh agus go dtuga sé breith oraibh mar chuir sibh olc ar Fhorann agus ar a shearbhóntaí chugainn, agus tá claíomh curtha ina láimh agaibh chun sinn a mharú.” 22 Agus d’fhill Maois arís ar an Tiarna: “Cad chuige duit, a Thiarna,” ar sé, “caitheamh chomh dian sin le do phobal? Cad chuige duit mé a sheoladh uait riamh? 23 Óir ó tháinig mé go Forann agus gur labhair mé leis i d’ainmse, is olc an íde atá á himirt aige ar an bpobal seo, gan tusa á bhfuascailt ar aon chor.”

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn