Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Eaxodus 7
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
  • 16
  • 17
  • 18
  • 19
  • 20
  • 21
  • 22
  • 23
  • 24
  • 25
An Bíobla Naofa
Eaxodus 7:1-25

Eaxodus

7 Dúirt an Tiarna le Maois: “Féach! déanfaidh mé dia díot d’Fhorann agus beidh Árón do dheartháir mar fháidh agat. 2 Caithfidh tú féin gach a n-ordóidh mé duit a insint dó agus déarfaidh Árón le Forann clann Iosrael a ligean as a thír. 3 Déanfaidh mise croí Fhorainn a chruachan agus comharthaí agus míorúiltí a chur i ngníomh i dtír na hÉigipte. 4 Ní éisteoidh Forann libhse; agus leagfaidh mise dá bhrí sin mo lámh ar an Éigipt agus seolfaidh mé mo shluaite, mo phobal, clann Iosrael amach as tír na hÉigipte le héachtaí breithiúnais. 5 Agus tabharfar le fios do na hÉigiptigh go léir gur mise an Tiarna nuair a shínfidh mé mo lámh in aghaidh na hÉigipte agus a thabharfaidh mé clann Iosrael amach óna measc.” 6 Rinne Maois agus Árón amhlaidh; rinneadar gach a ndúirt an Tiarna leo. 7 Bhí Maois ceithre fichid bliain d’aois agus Árón trí bliana agus ceithre fichid nuair a labhraíodar le Forann.

8 Dúirt an Tiarna le Maois agus le hÁrón: 9 “Nuair a déarfaidh Forann libh: ‘Déanaigí míorúilt mar chruthúnas oraibh féin,’ ní foláir duitse a rá le hÁrón: ‘Tóg do shlat agus caith síos ansiúd ar bhéala Fhorainn í agus déantar nathair nimhe di.’” 10 Chuaigh Maois agus Árón dá bhrí sin go Forann agus rinneadar mar a d’ordaigh an Tiarna dóibh. Chaith Árón a shlat síos ar bhéala Fhorainn agus a shearbhóntaí agus rinneadh nathair nimhe di. 11 Ansin chuir Forann chomh maith fios ar a shaoithe agus ar a asarlaithe agus le barr draíochta rinne draíodóirí na hÉigipte mar an gcéanna. 12 Chaith gach duine díobh a shlat uaidh ar an talamh agus rinneadh nathair nimhe di. Ach shlog slat Árón slata na ndraíodóirí. 13 Ach bhí croí Fhorainn cruaite agus ní éisteodh sé leo faoi mar a dúirt an Tiarna.

14 Ansin dúirt an Tiarna le Maois: “Tá croí Fhorainn ina chloch. Diúltaíonn sé ligean don phobal imeacht. 15 Éirigh go Forann ar maidin agus é ag dul chun an uisce, agus fan leis ar bhruach na habhann agus tabhair leat i do láimh an tslat a ndearnadh nathair nimhe di. 16 Abair leis mar seo: ‘Sheol an Tiarna, Dia na nEabhrach, mise chugat á rá: Lig do mo phobal imeacht go ndéanfaidh siad íobairt dom san fhásach; féach, níor thug tú aon toradh orm fós. 17 Mar seo a deir an Tiarna: Tabharfar le fios duit ar an gcuma seo gur mise an Tiarna: leis an tslat seo i mo láimh buailfidh mé uisce na habhann agus déanfar fuil de. 18 Gheobhaidh na héisc san abhainn bás agus bréanfaidh an t-uisce agus beidh an ghráin ag na hÉigiptigh ar uisce a ól aisti.’”

19 Dúirt an Tiarna le Maois: “Abair le hÁrón: ‘Tóg do shlat agus sín do lámh os cionn uiscí na hÉigipte ar fad, os cionn a n-aibhneacha agus os cionn a gcanálacha, os cionn a mbogach agus os cionn a linnte i dtreo go ndéanfar fuil díobh go léir ar fud tír na hÉigipte, go fiú lán an tobáin agus an chrúsca.’” 20 Rinne Maois agus Árón mar a d’ordaigh an Tiarna dóibh. D’ardaigh sé a shlat i bhfianaise Fhorainn agus i bhfianaise a shearbhóntaí, agus bhuail sé an t-uisce a bhí san abhainn agus rinneadh fuil dá raibh d’uisce san abhainn. 21 Fuair an t-iasc a bhí san abhainn bás agus bhréan an abhainn i dtreo nár fhéad na hÉigiptigh uisce a ól aisti; agus bhí fuil ar fud thalamh na hÉigipte go léir. 22 Ach rinne draíodóirí na hÉigipte mar an gcéanna lena gcleasa draíochta; agus d’fhan croí Fhorainn crua mar a bhí agus, faoi mar a bhí ráite ag an Tiarna, ní éisteodh sé leo. 23 D’fhill Forann agus d’imigh ar ais chun a thí agus níor thóg sé ceann fiú amháin de seo. 24 Rinne na hÉigiptigh go léir poill a thochailt ar feadh na habhann chun uisce a fháil le hól mar nárbh fhéidir leo uisce na habhann a ól. 25 Ghabh seacht lá thart tar éis don Tiarna an abhainn a bhualadh.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn