Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Seanfhocail 17
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
  • 16
  • 17
  • 18
  • 19
  • 20
  • 21
  • 22
  • 23
  • 24
  • 25
  • 26
  • 27
  • 28
An Bíobla Naofa
Seanfhocail 17:1-28

Seanfhocail

17 Is fearr crústa tur agus síocháin,

ná teach fleá agus ceannairc.

2 Sé an daor cliste an máistir nuair is drabhlásach é an mac;

beidh sé i bpáirt leis na deartháireacha chun na hoidhreachta.

3 Don airgead an breogán, don ór an sorn;

ach le croíthe a phromhadh, tá an Tiarna ann.

4 Éisteann an t-urchóideach le béal mailíseach,

agus tugann an bréagaire aird ar theanga an bhéadáin.

5 Masla don chruthaitheoir is ea fonóid faoin mbocht;

an té a gháireann faoin ainnise, ní rachaidh sé gan phionós.

6 Sliocht a sleachta coróin na sean;

a n-athair glóir na clainne.

7 Ní oireann béal soilbhir don bhaoth,

ach is lú ná sin a oireann éitheach don phrionsa.

8 Buachloch breab dar le fear a bronnta;

ritheann leis cibé slí a chasann sé.

9 An té a mhaitheann coir, spreagann sé grá;

ach an té thagraíonn arís di, cuireann sé cairde in earraid.

10 Fágann ceartú rian níos déine ar an bhfear tuisceanach,

ná mar a fhágann céad buille ar an amadán.

11 Níl a thaibhreamh don urchóideach ach ceannairc,

cuirfear teachtaire dásachtach fána chomhair dá réir sin.

12 B’fhearr teacht ar bheithir a chaill a cuid coileán

ná ar amadán i mbun a bhaoise.

13 An té a thugann olc mar chúiteamh ar mhaith,

ní dhíbreoidh sé an t-olc óna theach.

14 Is cuma aighneas a thosú nó scaoileadh le tuile;

buail cos air dá bhrí sin sula n-adhntar an t-achrann.

15 An ciontach a shaoradh nó an neamhchiontach a dhaoradh,

is gráin leis an Tiarna iad araon.

16 Cén tairbhe airgead i láimh an amadáin

le gaois a cheannach, agus é gan chiall?

17 Is cara cara i gcónaí,

ach is d’uain na hainnise a shaolaítear deartháir.

18 An fear gan chiall tugann sé gill

agus téann i mbannaí lena chomharsa.

19 An té ar maith leis aighneas, is maith leis [buillí];

fear na mbriathra uaille, bíonn sé ag suirí le drochíde.

20 Ní bhíonn sonas i ndán d’fhear an chroí chlaoin;

titeann an tubaiste sa mhullach ar fhear na teanga fealltaí.

21 Cúis bhróin dá athair an baothán mic;

níl lúcháir i ndán d’athair amadáin.

22 Oideas fónta an croí meidhreach;

seirgeann na cnámha le heaspa misnigh.

23 Glacann an t-urchóidí breab faoi scáth brait,

leis an gcóir a chur dá treoir.

24 Cuireann an fear tuisceanach an eagna roimhe,

ach sroicheann raon súl an amadáin go himill na cruinne.

25 Ábhar dóláis dá athair mac baoth,

agus cúis bhróin é dá mháthair a thug ar an saol é.

26 Níl sé cóir pionós a chur ar an bhfíréan,

ach is measa fós an t-uasal a bhualadh.

27 Tá eolas ag an té ar féidir leis smacht a chur ar a theanga;

coimeádann an fear tuisceanach smacht air féin.

28 Bíonn cáil na heagna fiú ar an amadán má choimeádann sé a bhéal dúnta;

nuair nach mbíonn focal as, meastar go bhfuil sé cliste.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn