Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Cóheilit 11
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
An Bíobla Naofa
Cóheilit 11:1-10

Cóheilit

11 Caith do chuid aráin ar na huiscí, mar tar éis mórán laethanta gheobhaidh tú ar ais é. 2 Roinn do mhaoin i seacht nó in ocht gcuid, mar níl a fhios agat cén tubaiste a tharlóidh ar dhroim na talún. 3 Má bhíonn na néalta lán báistí, fearfaidh siad anuas ar an talamh í; má leagtar crann ó dheas nó ó thuaidh, luífidh sé mar a dtitfidh sé. 4 An té a bhíonn ag faire na gaoithe, ní chuirfidh sé síol choíche agus an té a bhíonn ag iniúchadh na scamall, ní bhainfidh sé fómhar go deo. 5 Ní eol duit conas a dhealbhaíonn an t-anam an ghin atá i mbroinn mná torraí; mar an gcéanna, ní eol duit ach oiread obair Dé, cruthaitheoir an uile ní. 6 Dá bhrí sin cuir an síol ar maidin agus um thráthnóna ná bíodh do lámh díomhaoin; mar níl a fhios agat cé acu den dá shíolchur a thabharfaidh toradh uaidh nó an mbeidh an rath céanna orthu araon.

7 Nach breá an ní é an solas!

Nach aoibhinn do na súile

an ghrian a fheiceáil!

8 Dá mhéad bliain dá maireann duine

baineadh sé taitneamh astu go léir,

agus cuimhníodh sé

gurb iomaí lá dorchadais a bheidh ann.

Baois is ea gach ní dá bhfuil le teacht!

9 Déan gairdeas, a ógánaigh, i dtús do shaoil,

cuireadh do chroí aoibhneas ort le linn d’óige.

Siúil de réir spreagadh do chroí

agus de réir sholas do shúl.

Ach bíodh a fhios agat go dtabharfaidh Dia

chun cuntais thú sna nithe seo go léir.

10 Caith an bhuairt amach as do chroí,

Díbir an phian ó do chorp.

Óir is baois í an óige agus aois na gruaige duibhe.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn